Cuimsíonn an fhine Threskiornithidae 34 speiceas lapaire mór. Go traidisiúnta, rangaíodh an fhine ina dhá fhofhine, na híbisí agus na corra; ach tá staidéir ghéiniteacha le déanaí ag caitheamh amhras ar an socrú, agus ag nochtadh na corra a bheith laistigh de híbisí an tseandomhain, agus íbisí an Domhain Nua mar craobh luath.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoThreskiornithidae Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeAves
OrdPelecaniformes
FineThreskiornithidae Cuir in eagar ar Wikidata
Richmond, 1917

Speicis cuir in eagar

 
Ibis cheanndubh (Threskiornis melanocephalus) i Tamil Nadu, India
 
Corr leitheadach Eoráiseach (Platalea leucorodia) san India

Fine: THRESKIORNITHIDAE

Tacsanomaíocht cuir in eagar

Tugadh Plataleidae ar an fhine Threskiornithidae roimhe seo. Measadh uair amháin go raibh baint ag na Corra leitheadacha agus na hÍbisí le grúpaí eile lapairí fadachosacha san ord Ciconiiformes. Fuair staidéar amach le déanaí go bhfuil siad ina mbaill den ord Pelecaniformes.[1] Mar fhreagra ar na fionnachtana seo, rinne an Chomhdháil Éaneolaíoch Idirnáisiúnta (CÉÍ) (Béarla:The International Ornithological Congress (IOC)) athaicmiú ar na Threskiornithidae agus a chomhthacsóin Ardeidae faoin ord Pelecaniformes in ionad an oird roimhe seo Ciconiiformes.[2] Ceist oscailte is ea an bhfuil nasc cómhalartach monafileolaíoch ag an dá fhofhine. Cuimsíonn iontráil an South American Classification Committee do Threskiornithidae an ráiteas seo a leanas; Two subfamilies are traditionally (e.g., Matheu & del Hoyo 1992) recognized: Threskiornithinae for ibises and Plataleinae for spoonbills; because the main distinction has to do with bill shape, additional information, especially genetic, is required to recognize a major, deep split in the family.[3]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hackett, Shannon J.; Kimball, Rebecca T.; Reddy, Sushma; Bowie, Rauri C. K.; Braun, Edward L.; Braun, Michael J.; Chojnowski, Jena L.; Cox, W. Andrew; Han, Kin-Lan; Harshman, John; Huddleston, Christopher J.; Marks, Ben D.; Miglia, Kathleen J.; Moore, William S.; Sheldon, Frederick H.; Steadman, David W.; Witt, Christopher C.; Yuri, Tamaki (June 2008). "A Phylogenomic Study of Birds Reveals Their Evolutionary History".
  2. "Gill, F. & D. Donsker (Eds). 2010. IOC World Bird Names (version 2.4). Available at http://www.worldbirdnames.org/ [Accessed 29 May 2010].
  3. A classification of the bird species of South America. http://www.museum.lsu.edu/