Tiomsú i leabhar gearrthóg

Séard atá i gceist le tiomsú i leabhar gearrthóg ná bileoga, ailt as páipéir nuachta, stampaí, bláthanna feoite agus mar sin de a chur i leabhar ina bhfuil na leathanaigh folamh, é sin chun eolas faoi théama éigin a chaomhnú, stair theaghlaigh nó scéala nuachta, mar shampla.

Stair cuir in eagar

Sa 15ú céad, d'éirigh sé coitianta i Sasana eolas mar oidis, sleachta liteartha, litreacha, dánta agus a leithéid a thiomsú in aon leabhar amháin. Commonplace books a thugtaí orthu seo. Ní raibh aon dá leabhar den chineál seo cosúil lena chéile, mar bhídís bunaithe ar shuim an duine a chruthaigh é. D'éirigh albaim chairdis coitianta i Sasana sa 16ú céad.