Toiréasa Ferris
Is polaiteoir Éireannach agus comhairleoir contae í Toiréasa Ferris (Gaeilge: Toiréasa Ní Fhearghuis) (rugadh í an 24 Márta 1980). Tá sí ina ball de Sinn Féin. Martin Ferris a hathair. Is teagascóir páirtaimseartha sa dlí í.
(2013) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 24 Márta 1980 44 bliana d'aois Trá Lí, Éire |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Luimnigh Ollscoil na Banríona, Béal Feirste |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir |
Ball de pháirtí polaitíochta | Sinn Féin |
Tá Toiréasa Ferris ina comhairleoir contae ó 2003. Roimhe sin, bhí sí ina ball d’Ógra Shinn Féin ina baile dúchais, Trá Lí, agus le cumann na hollscoile in Ollscoil Luimnigh. Thóg sí suíochán a hathar ar Chomhairle Contae Chiarraí nuair a toghadh Martin Ferris chun na Dála.
Ba í an chéad chomhairleoir de chuid Shinn Féin le bhith ina Cathaoirleach ar an gComhairle agus ba í an chéad Mhéara mná ar Thrá Lí í in 2005. Sheas sí do thoghchán Parlaimint na hEorpa in 2009 ach níor éirigh léi suíochán sa Bhruiséil a bhuachan.
I Márta na bliana 2009, vótáladh í mar a seachtú polaiteoir ba dhathúla ar domhan sa nuachtán Spáinneach 20 minutos.
Tagairtí
cuir in eagarIs síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |