Tokoeka
speiceas éan
Is speiceas cíobhaí é Tokoeka. Tá sé chomh mór leis an gCíobhaí Mór Breac, tríd is tríd, agus é dealraitheach leis an gCíobhaí Donn, cé go bhfuil sé níos dathéadroime. Is léir ón DNA is sine go raibh sé le fáil ar chósta thoir an Oileáin Theas tráth.
Apteryx australis | |
---|---|
Taifead | |
Sonraí | |
Mais | 2.208 kg (meáchan fásta, orgánach fireann) 2.535 kg (meáchan fásta, orgánach baineann) |
Stádas caomhnaithe | |
Leochaileach | |
UICN | 22678122 |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Aves |
Ord | Apterygiformes |
Fine | Apterygidae |
Géineas | Apteryx |
Speiceas | Apteryx australis Shaw, 1813 |
Léarscáil de raon an tacsóin | |
Ceantair eindéimeacha |
Fospéiceas cuir in eagar
Tá cúpla fospeiceas ann:
- Tokoeka Oileáin Stewart (Apteryx australis lawryi).
- Tokoeka na gCaolsáilí Thuaidh (Apteryx australis ?) agus Tokoeka na gCaolsáilí Theas (Apteryx australis ?) in iardheisceart an Oileáin Theas.
- Tokoeka Haast (Apteryx australis ?), an fospeiceas is teirce agus gan ann ach timpeall 300 éan. Tugadh aitheantas dó sa bhliain 1993. Le fáil i limistéar cúng iargúlta i Sléibhte Haast san Oileán Theas. Gob air atá níos cuaire ná mar is gnách, agus clúmh sách rua air.
Tagairtí cuir in eagar
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |