Tonnta teasa san Eoraip, 2023

Le linn mhí an Mheithimh - Meán Fómhair 2023, bhuail tonnta teasa, falscaithe agus triomach áiteanna ar fud na hEorpa agus an leathsféar thuaidh go léir, an samhradh is teo a taifeadadh riamh.[1] Rinneadh dochar mór d’éiceachórais, don gheilleagar agus do shláinte daoine.[2]

Bhí Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe ar an daoraí. “Tá séasúr deargthe curtha de ag ár bpláinéad a dúirt Antonio Guterres, ag caint ar thuairisc nua ón Eagraíocht Dhomhanda Meitéareolaíochta.[3]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtTonnta teasa san Eoraip, 2023
Íomhá
Cineáltonn teasa Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse10 Iúil 2023 - 
2022 Cuir in eagar ar Wikidata
Meitheamh 2023 an Meitheamh is teo riamh in Éirinn, go dtí sin; bhí an fharraige ar chósta thiar na hÉireann 5 chéim Celsius níos teo ná mar a bhíonn de ghnáth

Cúlra cuir in eagar

Scriosadh séipéal in Vinkovački Banovci (Nijemci), Croatia

16.77 céim Celsius an teocht domhanda ar an meán le linn mhí an Mheithimh, Iúil agus Lúnasa, teocht i bhfad níos airde ná an teocht ab airde ar an taifead roimhe seo –16.48 céim Celsius in 2019. De réir na tuarascála ón Eagraíocht Dhomhanda Meitéareolaíochta, bhí mí Iúil 2023 ar an mí is teo riamh[4] agus bhí an mhí dár gcionn, Lúnasa 2023, ar an dara mí is teo riamh. Ag an am céanna, bhí An Eoraip ag téamh dhá uair níos sciobtha ná an meán domhanda.[5]

Ar 10 Iúil 2023, thosaigh an tonn teasa "Cerberus" frithchioclón ollmhór agus fada. Buaileadh deisceart na hEorpa go dona.[6]

Éire cuir in eagar

De réir Met Éireann, bhí Meitheamh 2023 an Meitheamh is teo riamh in Éirinn, go dtí sin.[7]

oighearshruthanna ag leá níos gasta ná riamh le linn 2023; san Eilvéis anseo

Le linn mhí an Mheithimh 2023, bhí an fharraige ar chósta thiar na hÉireann 5 chéim Celsius níos teo ná mar a bhíonn de ghnáth, údar mór imní d’eolaithe.[8] Le linn mhí Lúnasa 2023, bhí imní léirithe ag Cónaidhm Iascairí na gCeall Beag faoin tionchar atá ag athrú aeráide ar stoc éisc ghil cosúil le trosc, agus an baol ann le hathrú mór i dteocht na farraige amach ó chósta Dhún na nGall, go mbogfaí iasc cosúil le trosc, murlasc agus scadáin go huiscí níos fuaire ó thuaidh.[9]

Bhí sé brothallach in Éirinn i rith mhí Mheán Fómhair.[10][11][12] Bhí cúis iontais ón spéir ag muintir Ghaeltacht Chorca Dhuibhne, nuair a thit braonacha smúite ón Sahára anuas orthu.[13]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Summer 2023: the hottest on record | Copernicus". climate.copernicus.eu. Dáta rochtana: 2023-09-06.
  2. "‘Tá cliseadh na haeráide tosaithe’ – an samhradh is teo a taifeadadh riamh" (ga-IE). Tuairisc.ie (6 M.F. 2023). Dáta rochtana: 2023-09-06.
  3. "Earth had hottest three-month period on record, with unprecedented sea surface temperatures and much extreme weather" (en). public.wmo.int (2023-09-06). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-09-06. Dáta rochtana: 2023-09-06.
  4. "July 2023 confirmed as hottest month on record" (en). public.wmo.int (2023-08-08). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-09-06. Dáta rochtana: 2023-09-06.
  5. "An Eoraip ag téamh dhá uair níos sciobtha ná an meán domhanda" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-06-19). Dáta rochtana: 2023-09-06.
  6. "2023 European heatwaves" (as en) (2023-09-05). Wikipedia. 
  7. "June 2023 will be warmest June on record for Ireland, on both Land and at Sea - Met Éireann - Seirbhís Náisiúnta Meitéareolaíochta na hÉireann" (ga). www.met.ie. Dáta rochtana: 2023-09-06.
  8. "Teaspach mara amach ó chósta na hÉireann a d’fhéadfadh ‘scrios’ a dhéanamh" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-06-20). Dáta rochtana: 2023-09-06.
  9. RnaG (2023-08-17). "Nuacht an Tuaiscirt: 17 Lúnasa 2023" (as en). 
  10. "Lá tirim gréine eile geallta, an teocht chomh hard le 26 céim Celsius" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-09-05). Dáta rochtana: 2023-09-06.
  11. Nuacht RTÉ (2023-09-07). "Teocht chomh hard le 28 céim inniu, os a chionn sin amárach" (as ga-IE). 
  12. RTE News (2023-09-08). "Heatwave provisionally recorded as record stays intact" (as en). 
  13. "Smúit ón Sahára tite anuas ar Chorca Dhuibhne" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-09-05). Dáta rochtana: 2023-09-06.