Pléasc ar an Chraoslach
Ar 7 Deireadh Fómhair 2022, tharla eachtra thubaisteach sa Chraoslach,[1][2] Contae Dhún na nGall, nuair a maraíodh deichniúr i bpléascadh, a loit stáisiún breosla Applegreen agus bloc árasán in aice láimhe.[3] Timpiste a bhí ann.[4] Bhí an pléascadh chomh láidir sin go raibh sé le cloisteáil 5km ón láthair.[5]
| ||||
Cineál | pléascadh | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 7 Deireadh Fómhair 2022 | |||
Suíomh | An Craoslach, Éire | |||
Tír | Éire | |||
Cúis | pléascadh gáis | |||
Líon básanna | 10 | |||
Líon gortaithe | 8 | |||
Imeachtaí cuir in eagar
Réab pléasc mhór ciúnas na sráide i mbaile an Chraoslaigh ag 3.17 san iarnóin, Dé hAoine 7 Deireadh Fómhair 2022. Scriosadh stáisiún breosla Applegreen agus foirgneamh eile sa phléasc, suite ar an mbóthar N56 .
Cuireadh tús le hoibríocht mhór cuardaigh agus tarrthála láithreach bonn. Bhí seirbhísí éigeandála ón dá thaobh den teorainn páirteach ann. Ghlac go leor daoine áitiúla páirt sa gcuardach freisin, as a ndeoin féin. Leanadh den oibríocht thar oíche.
Bliain amháin níos déanaí, ní raibh a fhios céard a tharla go díreach.[6] Sceitheadh gáis a bhí ann b'fhéidir. Ach dhírigh an timpiste aird arís ar shábháilteacht agus ar rialacháin sábháilteachta.
Íospartaigh cuir in eagar
B'as an Chraoslach agus an ceantar máguaird do na mairbh: cailín in aois bhunscoile, beirt déagóirí, ceathrar fear agus triúr ban. Maraíodh Catherine O'Donnell, a bhí 39 bliain d'aois agus a mac James Monaghan, trí bliana déag; Robert Garwe, 50 bliain d'aois agus a iníon Shauna Flanagan Garwe, cúig bliana d'aois; Leona Harper, 14; Jessica Gallagher, 24; James O'Flaherty, 48; Martin McGill, 49; Martina Martin, 49; agus Hugh Kelly a bhí 59 bliain d'aois.[7]
Tugadh ochtar go dtí Ospidéal na hOllscoile, Leitir Ceanainn i ndiaidh an phléasctha. Aistríodh duine amháin a gortaíodh go dtí Baile Átha Cliath ar héileacaptar de chuid an Gharda Cósta.
Ómós cuir in eagar
Dúirt an tUachtarán Michael D. Higgins go ndeachaigh an tragóid i bhfeidhm ar chuile dhuine sa phobal áitiúil, agus ar fud na tíre.[5][8][9]
Bhí an Taoiseach Micheál Martin, an Tánaiste Leo Varadkar agus Uachtarán Shinn Féin, Mary Lou McDonald i measc na ndaoine a d'fhreastail ar shearmanas i gcuimhne na marbh Dé Sathairn, 8 Deireadh Fómhair. Luaigh Micheál Martin an méid tacaíochta a tugadh láithreach do na seirbhísí éigeandála ón bpobal áitiúil.[5]
Cúiseanna agus cóir cuir in eagar
Ar 22 Márta 2024, bhí beirt fhear gafa i dtaca le fiosrúchán an Gharda Síochána faoi thragóid an Chraoslaigh.[10]
Féach freisin cuir in eagar
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ "An Craoslach / Creeslough" (ga). logainm.ie. Dáta rochtana: 2022-10-09.
- ↑ "Deichniúr maraithe sa phléasc ar an Chraoslach i nDún na nGall" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-10-09.
- ↑ RnaG (6 Deireadh Fómhair 2023). "Barrscéalta" (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2023-10-07.
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-10-09). ""Laethanta deacra romhainn"" (as ga-IE).
- ↑ 5.0 5.1 5.2 Nuacht RTÉ (2022-10-08). "Deichniúr básaithe i ndiaidh an phléasctha ar an Chraoslach" (as ga-IE).
- ↑ "Gas delivery system now at centre of Garda inquiry into Creeslough explosion" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2023-10-07.
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-10-09). "An deichniúr a cailleadh ar an Chraoslach ainmnithe" (as ga-IE).
- ↑ Michelle Nic Pháidín. "Dorchadas luath an Chraoslaigh < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2023-10-07.
- ↑ "Ráiteas ón Aire Sláinte Stephen Donnelly maidir le Tragóid an Chraoslaigh" (ga). www.gov.ie (2022-10-08). Dáta rochtana: 2023-10-07.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-03-22). "Beirt fhear gafa faoi thragóid an Chraoslaigh" (as ga-IE).