Tugtar trouvère ar na daoine a chumadh i gceann desna langues d’oïl (Gaeilge: 'Teangacha an Oïl'), teangacha thuaisceart na Fraince, i rith na Meánaoise. Ní filí amháin ab ea iad, ach filí-cumadóirí, nó dréachtaigh, a raibh dánta, amhráin agus ceol á gcumadh acu. B'ionann trouvères thuaisceart na Fraince agus dréachtaigh dheisceart na tíre a chumadh insan langue d'oc (Gaeilge: 'Teanga an Oc') ar a dtugtar troubadours.

Adam de la Halle, duine díobh siúd a dtugtar trouvères orthu.