Tuama Dingeach na Cabraí
Is tuama dingeach áiléir agus Séadchomhartha Náisiúnta suite i gContae Shligigh é Tuama Dingeach na Cabraí.[1][2]
Tuama Dingeach na Cabraí | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Tuama dingeach | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Contae Shligigh, Éire | |||
| ||||
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann | ||||
Aitheantóir | 523 | |||
Tá an tuama suite 4.7 km taobh thiar de Chúil Áine i mbunchnoic Shliabh Gamh. Ritheann craobh-abhainn de chuid na hAbhann Bige[3] taobh thiar den suíomh.[4][5][6]
Tógadh an tuama c. 2500–2000 R.Ch., sa Choparaois nó sa Chré-umhaois. Tá aghaidh an bhealaigh isteach ag féachaint siar ó dheas, i dtreo luí na gréine ag grianstad an gheimhridh.[7][8]
Tá an tuama 12 m ar a fhad, le ballaí seachtracha dúbailte agus clocha ag an mbealach isteach. Tá dhá sheomra adhlactha ann, 2.5 m agus 4 m ar fad, agus na leaca dín tite isteach.[9]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ “Cabragh Wedge Tomb”.
- ↑ Moore (1 January 1998). “Archaeology in County Sligo”. FAS Community Services Unit.
- ↑ “An Abhainn Bheag nó An Abhainn Bhuí/Owenbeg River or Owenboy River | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2024-10-28.
- ↑ “Print”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-10-10. Dáta rochtana: 2016-10-06.
- ↑ “Cabragh”.
- ↑ Killanin (1 January 1989). "The Shell guide to Ireland". Gill and Macmillan. ISBN 9780717115952.– tríd Google Books
- ↑ “Cabragh”.
- ↑ “Cabragh Wedge Tomb, Sligo - TripAdvisor”.
- ↑ “Cabragh 1 Wedge Tomb”. Megalithic Monuments of Ireland.