Tubaiste imirceach sa Mhuir Iónach (2023)
Maraíodh cúpla céad imirceach ar 14 Meitheamh 2023 nuair a d'iompaigh bád béal faoi sa Mhuir Iónach. Tharla an tragóid amach ó chósta na na Peilipinéise i ndeisceart na Gréige, gar do Phulos, in uiscí idirnáisiúnta sa Mhuir Iónach [1].[2]
| |||||
Cineál | tubaiste ar muir longbhriseadh | ||||
---|---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 14 Meitheamh 2023 | ||||
Suíomh | Muir Iónach an Ghréig, An Ghréig , Pylos, An Ghréig (en) | ||||
Tír | an Ghréig | ||||
Pointe imeachta | Tobruk, An Libia | ||||
Críochphointe | an Ghréig, An Ghréig | ||||
Líon básanna | ≥ 82 | ||||
Líon ar iarraidh | ± 568 | ||||
Líon na marthanóirí | 104 | ||||
Imeachtaí cuir in eagar
Tugadh Andrianna ar an mbád iascaireachta (b'fhéidir 20-30m ar fad), a d'fhág cathair Tobruk sa Libia agus a thrasnaigh an Mheánmhuir, ar a shlí chuig an Iodáil.
Dar le Garda Cósta na Gréige go bhfaca criú eitleáin faire a bhí ar patról sa limistéar ar 13 Meitheamh. Ghlac an bád soláthairtí ó long a bhí ar a shlí ach dhiúltaigh an criú glacadh le cúnamh uathu níos déanaí. Bhí díocas orthu dul chuig an Iodáil; ní riabh siad sásta dul chuig an nGréig, agus fáilte níos déine sa tír sin don lucht imirce agus iad siúd a dhéanann dúshaothrú orthu.
Ansin tháinig fadhb chun cinn san inneall agus d'ardaigh an ghaoth. Bhí barraíocht ar an mbád an am céanna. Bhí idir 400 - 750 ar mbord,[1] pulctha isteach ar nós sairdíní, agus ní raibh seaicéid tarrthála á gcaitheamh ag na paisinéirí,
Tugadh thart ar 104 duine eile slán ón uisce ach bhí na céadta ar iarraidh fós, ní bheidh a fhios againn cé mhéid.[3] Is in uiscí thar a bheith domhain (4,000 - 5,000+ méadar) i Muir Iónach a chuaigh an bád síos B'fhéidir go raibh céad páiste sa spás faoin deic.[4]
Féach freisin cuir in eagar
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ 1.0 1.1 Pylos, Messenia
- ↑ Helena Smith (2023-06-15). "At least 78 people drown as refugee boat sinks off Greece" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2023-06-15.
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-06-14). "78 imirceach ar a laghad báite amach ón nGréig" (as ga-IE).
- ↑ Helena Smith, Jon Henley (2023-06-15). "Greece shipwreck: up to 100 children were below deck, survivors say" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2023-06-16.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |