Tubaiste imirceach sa Mhuir Iónach (2023)


Bádh cúpla céad teifeach (nó imirceach) ar 14 Meitheamh 2023 nuair a d'iompaigh trálaer iascaireachta béal faoi sa Mhuir Iónach. Tharla an tragóid amach ó chósta na na Peilipinéise i ndeisceart na Gréige, gar do Phulos (nó Pylos), Messenia in uiscí idirnáisiúnta sa Mhuir Iónach [1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtTubaiste imirceach sa Mhuir Iónach
Íomhá
Map
 36° 54′ 54″ N, 21° 14′ 46″ E / 36.914988°N,21.24604°E / 36.914988; 21.24604
Cineáltubaiste ar muir
longbhriseadh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana14 Meitheamh 2023 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomhan Mhuir Iónach
an Ghréig, An Ghréig Cuir in eagar ar Wikidata, Pylos, An Ghréig (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ghréig Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe imeachtaTobruk, An Libia Cuir in eagar ar Wikidata
Críochphointean Ghréig, An Ghréig Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna ≥ 82 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon ar iarraidh ± 568 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon na marthanóirí104 Cuir in eagar ar Wikidata
15 Meitheamh 2023: agóid agus laindéir Shíneacha san Aithin

Imeachtaí

cuir in eagar

Tugadh an Adrianna (nó Adriana) ar an mbád iascaireachta (b'fhéidir 20-30m ar fad), a d'fhág cathair Tobruk sa Libia agus a thrasnaigh an Mheánmhuir, ar a shlí chuig an Iodáil.

Dar le Garda Cósta na Gréige go bhfaca criú eitleáin faire (a bhí ar patról sa limistéar ar an 13 Meitheamh), an bád ach gur dhiúltaigh na paisinéirí glacadh le cúnamh uathu. Ghlac an bád soláthairtí ó long a bhí ar a shlí ach dhiúltaigh an criú glacadh le cúnamh uathu níos déanaí. Bhí díocas orthu dul chuig an Iodáil; ní raibh siad sásta dul chuig an nGréig, agus fáilte níos déine sa tír sin don lucht imirce agus iad siúd a dhéanann dúshaothrú orthu.

Ansin tháinig fadhb chun cinn san inneall agus d'ardaigh an ghaoth. Bhí barraíocht ar an mbád an am céanna. Ach níltear ar aon tuairim, beag ná mór, faoi céard a tharla i ndáiríre ; bhí scéal ag Garda Cósta na Gréige ach chuir na meáin idirnáisiúnta go láidir i gcoinne an ráitis oifigiúil.

B'fhéidir go raibh 750 ar mbord, pulctha isteach ar nós sairdíní, agus ní raibh seaicéid tarrthála á gcaitheamh ag na paisinéirí.

Tugadh thart ar 104 duine slán ón uisce, fir go léir, ach bhí na céadta ar iarraidh, agus ní bheidh a fhios againn riamh cé mhéid.[2] Is in uiscí thar a bheith domhain (4,000 - 5,000+ méadar) sa Mhuir Iónach a chuaigh an bád síos. B'fhéidir go raibh céad páiste sa spás faoin deic.[3]

Chuaigh an fomhuireán Titan (Oceangate) ar iarraidh timpeall an ama céanna, scéal a tharraing aird na meán ag an am.

Chuaigh an fomhuireán Titan (Oceangate) ar iarraidh timpeall an ama céanna, scéal a tharraing aird na meán ag an am.

Fiosrúcháin agus cásanna dlí

cuir in eagar

Rinne an t-Ombudóir de chuid an Aontais Eorpaigh, Bean an Phobail Emily O'Reilly, fiosrúchán agus cáineadh Frontex.[4]

Cuireadh ina leith in 2024 go raibh naonúr as an Éigipt freagrach as gáinneáil ar dhaoine, cás cúirte a tharraing conspóid go leor.[5]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. Helena Smith (2023-06-15). "At least 78 people drown as refugee boat sinks off Greece" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2023-06-15.
  2. Nuacht RTÉ (2023-06-14). "78 imirceach ar a laghad báite amach ón nGréig" (as ga-IE). 
  3. Helena Smith, Jon Henley (2023-06-15). "Greece shipwreck: up to 100 children were below deck, survivors say" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2023-06-16.
  4. "European Ombudsman". www.ombudsman.europa.eu. Dáta rochtana: 2024-06-13.
  5. "Greece: Defendants in the Pylos shipwreck trial must be released, charges must be dropped" (en-US). International Commission of Jurists (2024-05-17). Dáta rochtana: 2024-06-13.