Turas Rothaíochta Nocht Domhanda

Is gluaiseacht agóidíochta é an Turas Rothaíochta Nocht Domhanda[1] a bhíonn á reáchtáil gach bliain[2] i gcaitheamh mhí an Mheithimh go hiondúil, i mbreis agus 30 tír ar fud an domhain. Díríonn an fhéile idirnáisiúnta aird ar shábháilteacht bhóthair go háirithe.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtTuras Rothaíochta Nocht Domhanda
Íomhá
Cineálócáid bhliantúil Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht2003 - 
Meán cumarsáide
Codanna

Suíomh gréasáinworldnakedbikeride.org Cuir in eagar ar Wikidata


Sa Bhruiséil, 2018

Stair cuir in eagar

Cuireadh tús leis an fhéile in Zaragoza na Spáinne sa bhliain 2001, nuair a maraíodh seisear rothaithe i dtimpistí bóthair éagsúla. Tá an ghluaiseacht agóidíochta tar éis spréadh amach ar fud an domhain ó shin.

 
in aghaidh astaíochtaí breosla, Auckland, an Nua-Shéalainn, 2005

Sábháilteacht ar bhóithre cuir in eagar

Imeacht spraíúil spleodrach is ea é, ach is é an teachtaireacht dháiríre taobh thiar de, a spreag an ghluaiseacht agóidíochta dhomhanda seo. Léiríonn an corp nocht cé chomh leochaileach is atá rothaithe ar na bóithre, gan aon chosaint acu mar a bhíonn ag tiománaithe i ngluaisteáin. Is é an smaoineamh ná go dtabharfaidh tiománaithe na rothaithe nochta faoi deara lá amháin sa bhliain, agus go gcuimhneoidh siad orthu i gcaitheamh na bliana ansin.

Tá na rothaithe lomnocht go hiondúil agus a gcraiceann péinteáilte le dathanna spleodracha den uile chineál, mar aon le daoine ar scátaí rollála, scútair agus cláir scátála. Is é an éagsúlacht daoine, an t-ilchultúrachas agus féith ealaíne na rannpháirtithe, atá ag cur le hiomrá an imeachta seo ar an ardán idirnáisiúnta.

 
WNBR, Londain 2012

Éire cuir in eagar

Bhí an turas rothair nocht á reáchtáil ar bhonn bliantúil le 12 bliana anuas i gcathair Chorcaí, roimh an phaindéim Covid-19  sa bhliain 2020. Tá ainm in airde ag Turas Rothaíochta Nocht Chorcaí mar gheall ar an gcruthaíocht, an léiriú ealaíonta agus an tiomantas atá ag na daoine a bhíonn páirteach ann, chun teachtaireacht an chóimheasa a chur chun tosaigh go láidir ar bhealach spraíúil tarraingteach.

Tagairtí cuir in eagar

  1. World Naked Bike Ride
  2. Méabh Ní Thuathaláin (2016). "Rothaithe nochta Chorcaí… Ag ardú feasachta ar na bóithre" (ga). NÓS. Dáta rochtana: 2020-06-11.