Má tharlaíonn de thaisme go ritheann sruth aibhléise tríd an gcolainn, tabharfar turraing leictreach don duine. Is de dheasca róspreagadh a dhéanamh ar na néaróga é sin - san áit a dtéann an sruth isteach, sa lámh mar shampla. Ach más tríd an gcroí a ritheann an sruth, tharlóidh go gcuirfeadh sé isteach ar ghnáthoibriú na gcillscannán ann. Ní bheadh aon dípholarú rialta croí an uair sin ann, ní theannfaí an fhuil, agus is bás tobann gheobhadh an duine. Tá an aibhléis contúirteach mar sin, agus ní mór a bheith cúramach faoi. Is contúirtí i bhfad gnáthchórais an tsrutha ailtéarnaigh (s.a) ná gnáthchórais an tsrutha dhírigh (s.d.). Ar mhaithe le sábháilteacht, ná teagmhaíodh cuid ar bith den cholainn le sreang bheo nó le miotal ar bith a bhíonn ag iompar sruth aibhléise. Féachtar chuige go n-inslítear a leithéidí go maith chun nach dteagmhófaí leo de thaisme fiú. Más gá obair a dhéanamh ar ghaireas aibhléiseach, scoirtear an ciorcad roimh ré.