UNTAET (Náisiún Aontaithe i dTíomór Thoir)

Ba é UNTAET Fórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe i dTíomór ThoirUnited Nations Transitional Administration in East Timor. Cruthaíodh UNTAET chun maoirsiú a dhéanamh ar Fhórsaí na hIndinéise a bhí ag tarraingt amach as an tír agus chun síocháin agus slándáil a bhunú sa tír nua. Mhair UNTAET idir Iúil 1999 — Bealtaine 2004

Bosca Sonraí EagraíochtaUNTAET
(id) Administrasi Sementara PBB di Timor Timur
(en) United Nations Transitional Administration in East Timor
(ar) إدارة الأمم المتحدة الانتقالية في تيمور الشرقية
(es) Administración de Transición de las Naciones Unidas para Timor Oriental
(zh-cn) 联合国东帝汶过渡行政当局
(fr) Administration transitoire des Nations unies au Timor oriental Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálmisean síochánaíochta
transitional government (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga oifigiúilan Phortaingéilis Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh25 Deireadh Fómhair 1999
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte20 Bealtaine 2002 Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Achar dromchla15,007 km² Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinun.org… Cuir in eagar ar Wikidata
Arm na hÉireann

Bhí obair uasal déanta ann ag comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann.

Arm na hÉireann

Cúlra cuir in eagar

Sa bhliain 1974, i ndiaidh coup d'état sa Phortaingéil, a chuir réimeas sóisialach ar bun, thosaigh an rialtas nua ag tarraingt siar ó chóilíneachtaí Poirtaingéalacha. Ar ceann acu seo, bhí Tíomór Thoir. In ionad neamhspleáchas a fháil áfach, rinne an Indinéis, a bhí i gceannas ar an Tíomór Thiar, iarracht Tíomór Thoir a ghlacadh chuici féin.[1]

 
INTERFET - UNTAET’ sa bhliain 2000

Ní aithneodh na Náisiún Aontaithe (NA) éilimh na hIndinéise agus i ndiaidh cainteanna ar feadh blianta fada, mhol an Indinéis i 1998 go mbeadh féinriail teoranta ag Tíomór Thoir laistigh den Indinéis. Iarraidh ar na NA reifreann a eagrú agus a chur faoi bhráid mhuintir Thíomór Thoir. Bunaíodh misean UNAMET i Mí Meitheamh chun monatóireacht a dhéanamh ar chinneadh na ndaoine agus é a chur i bhfeidhm.

Sa reifreann a reáchtáladh i Mí Lúnasa 1998, dhiúltaigh muintir Thíomór Thoir amach is amach don fhéinriail laistigh den Indinéis, rud a spreag an míliste a bhí ar son na hIndinéise ollmharú agus scrios mór a dhéanamh.[1]

Obair cuir in eagar

I Meán Fómhair 1999, bhunaigh Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe INTERFET agus i mí Deireadh Fómhair chuaigh buíon de phearsanra ARW agus eilimintí tacaíochta isteach leis an misean.

Tháinig UNTAET in ionad INTERFET tamall gearr ina dhiaidh sin (agus tháinig UNMISET in ionad UNTAET níos faide anonn). Bhí an ARW fós ag soláthar príomh-thiomantas na hÉireann de bhuíon coisithe a bhí ag feidhmiú le Cathlán na Nua-Shéalainne. 

Tháinig buíon ón 2 Cathlán Coisithe as Éirinn in ionad na buíne ARW i Meitheamh 2000 agus lean an polasaí seo de bhuíon iomlán ó ceann de chathláin Óglaigh na hÉireann a sholáthar go dtí gur tháinig deireadh le rannpháirtíocht na hÉireann sa mhisean i mBealtaine 2004.[1]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 "Misin san Áise" (en). www.military.ie. Dáta rochtana: 2021-12-28.