Is é UNIFIL Fórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin (Araibis: يونيفيل‎, Eabhrais: יוניפי״ל‎) nó United Nations Interim Force in Lebanon (Araibis: قوة الأمم المتحدة المؤقتة في لبنان‎, Eabhrais: כוח האו"ם הזמני בלבנון‎). Cruthaíodh UNIFIL chun maoirsiú a dhéanamh ar Fhórsaí Iosrael a bhí ag tarraingt amach as an tír agus chun síocháin agus slándáil a bhunú sa chrios teorann.[1]

Bosca Sonraí EagraíochtaUNIFIL
(en) United Nations Interim Force In Lebanon Cuir in eagar ar Wikidata
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Ainm gearrUNIFIL Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálmisean síochánaíochta
eagraíocht faoi stiúir na Náisiún Aontaithe
eagraíocht idir-rialtasach
eagraíocht idirnáisiúnta
feadhain mhíleata Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh1978
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Stiúrthóir/bainisteoirStefano Del Col Cuir in eagar ar Wikidata
MáthaireagraíochtDepartment of Peacekeeping Operations (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinhttp://unifil.unmissions.org/
Facebook: 76851177730 Twitter: UNIFIL_ Instagram: unifil_official Youtube: UCXx2tL7cx1wu8xX92jne3DQ Youtube: UNIFILVIDEOUNIT Flickr: unifil Cuir in eagar ar Wikidata

Is réimse é ina bhfuil obair uasal déanta le fada ag comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann.[2]

2020
45 Inf Gp UNIFIL, Campa an Churraigh, 2014
2013, Lá Idirnáisiúnta Coimeádaithe Síochána na Náisiún Aontaithe

I ndiaidh ionradh Iosrael ar an Liobáin i 1978 a bunaíodh UNIFIL, chun maoirsiú a dhéanamh ar Fhórsaí Iosrael, a bhí ag tarraingt amach as an tír agus chun síocháin agus slándáil a bhunú sa limistéar.[3]

Ón am sin go dtí mí na Samhna 2001, bhí Cathlán Coisithe (tuairim is 540 duine) ag Óglaigh na hÉireann sa Liobáin ar a ndéantaí sealaíocht gach sé mhí, chomh maith le 100 duine eile a bheith lonnaithe i gceanncheathrú UNIFIL agus sa bhFórsa Cúltaca Soghluaiste.

Ba i Tibnin a bhí ceanncheathrú an Chathláin lonnaithe. Bhí limistéar tuairim is 100 km cearnach faoina chúram. Chomhlíon sé a chuid dualgas trína a bheith láthair sa cheantar, trí phatróil a dhéanamh, seicphointí a oibriú agus a bheith i mbun Poist Bhreathnadóireachta. Thug an cathlán cúnamh daonna freisin do mhuintir na háite, ina measc cuidiú leis an dílleachtlann áitiúil i Tibnin.

 
mórshiúil na Cásca, 2016

Nuair a tharraing trúpaí Iosrael amach as Deisceart na Liobáine, tugadh mandáit UNIFIL chun críche. Tharraing Óglaigh na hÉireann amach as an Limistéar Oibríochtaí. D'fhan 11 de phearsanra Óglaigh na hÉireann sa Liobáin chun an misean a thabhairt ar láimh do Chathlán Ghana.

Nuair a thit cogadh amach arís ar theorainn Iosrael/na Liobáine i mí Meithimh/Iúil 2006, d'fhill Óglaigh na hÉireann ar an Liobáin an 31 Deireadh Fómhair 2006 go ceann 12 mhí ar iarratas ó na NA de réir Rún 1701 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Bhí an t-aonad comhdhéanta de Ghrúpa Coisithe Complachta thug faoi róil taiscéalaíochta, patrólála, agus slándála i gcomhar le Complacht Innealtóireachta as an bhFionlainn mar chuid de Chomplacht na hÉireann-na Fionlainne.

Tharraing an Grúpa-Coisithe amach in 2007 ach d'fhan Óglaigh na hÉireann fós dílis do UNIFIL. Bhí naonúr pearsanra de chuid Óglaigh na hÉireann fós ag fónamh i gCeanncheathrú UNIFIL i Naquora.

 
2013

Ó mhí Meithimh 2011 go Samhain 2013, rinne Óglaigh na hÉireann Cathlán Coisithe Meicnithe de thuairim is 440 pearsanra a imscaradh chuig UNIFIL. Mar a bhí san am a caitheadh bhí an t-aonad seo bainteach le hoibríochtaí síochánaíochta. Lean an Cathlán Coisithe, a bhí imscartha i dTeascóg an Iarthair UNIFIL de bheith páirteach sa Mhisean Coinneála na Síochána. iríodh ar a gcuid dualgas dhá Phost ar an Líne Ghorm idir an Liobáin agus Iosrael. Thug na haonaid faoi oibríochtaí patrólála, grinneall coinneála agus daonna freisin. Mar Chathlán Coisithe meicnithe tá teacht ag an aonad ar APCanna MOWAG Piranha III, ar Fheithiclí Armúrtha Oirbheartaíochta Éadrom LTA (GR32), meaisínghunnaí troma, gunnaí fritancanna agus moirtéil throma agus diúracáin Javelin, trealamh taiscéalaíochta agus faireachais.

 
Cuimneachan i Tibnin

Ó mhí na Samhna 2013 tá an t-aonad ag feidhmiú mar Ghrúpa Coisithe faoi cheannas Chathlán na hÉireann-na Fionlainne. Mar chuid de mhisean UNIFIL Monatóireacht, Tacaíocht agus Cúnamh, déantar patróláil ar fud limistéar oibríochtaí na hÉireann lena n-áirítear grinneall coinneála, agus monatóireacht a dhéanamh ar oibríochtaí ar an Líne Ghorm agus oibríochtaí daonna. Tugtar faoi oibríochtaí ar bhonn "Ard-infheictheacht, Ag Púcaíocht". Bíonn teacht ar fheithiclí armúrtha más gá; feithiclí éadroma a úsáidtear de ghnáth chun idirghníomhú le muintir na háite.

Bhí 186 pearsanra de chuid Óglaigh na hÉireann ar fónamh sa limistéar misin sa bhliain 2018. In éineacht le meitheal as an bhFionlainn agus buíon saighdiúirí as an Eastóin (38) bhí siad mar chuid den 116 pearsanra i gCathlán na hÉireann na Fionlainne atá lonnaithe ag UNP 2-45 i dTeascóg an Iarthair UNIFIL.

 
Maraíodh ceathrar coimeádaí síochána anseo sa bhliain 2006 sa Liobáin.[4] Rinne an Iosreal aer-ruathar.ar na Náisiún Aontaithe.ar 25 Iúil 2006

Tá breis is daichead míle ball d'Óglaigh na hÉireann tar éis dul ar sheal dualgais sa Liobáin, idir 1978-2018. Tugadh 32,000 seal dualgais seirbhíse aonair chun críche.

Maraíodh 47 pearsanra d'Óglaigh na hÉireann ar dhualgas na síochána sna blianta 1978-2001.

Tháinig cásanna tábhachtacha os comhair na gcúirteanna in Éirinn mar gheall ar an mbuíon mhór de chuid Óglaigh na hÉireann a bhí sa Liobáin agus tharla go leor dlíthíochta tábhachtaí dá bharr sin, dhá chinneadh de chuid na Cúirte Uachtaraí go háirithe:[1]

  • Ryan v Ireland [1989] IR 177 agus
  • McKinley v Miniter for Defence [1992] 2 IR 333.

Bhí dlíthíocht tábhachtach ann um neamhord struis iarthrámaigh le comhaltaí de chuid Óglaigh na hÉireann a bhí ar fiannas sa Liobáin, agus cásanna bulaíochta agus ciaptha.[5]

D’fhostaigh fórsaí cosanta Iosrael cainteoirí Gaeilge chun cúléisteacht le teachtaireachtaí idir saighdiúirí Éireannacha a bhí ar dualgas síochána leis na Náisiúin Aontaithe sa Liobáin - nó UNIFIL - sna 1980idí. Bhíodh nós ag na saighdiúirí as Éirinn iompú ar an nGaeilge chun an dallamullóg a chur ar fhórsaí Iosrael agus a gcéilí comhraic Hezbollah a bhíodh ag iarraidh cúléisteacht leis na teachtaireachtaí ina seolaidís eolas íogair rúnda. De réir na tuairisce san Irish Examiner in 2018, níor thóg sé i bhfad ar na hIosraelaigh tuiscint a fháil ar an ‘gcód Gaeilge’ agus bhí oifigeach amháin cinnte fiú go bhfaca sé iarbhaill d’arm na hÉireann i measc na nIosraelach.[6][7]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 Scoil Dlí, COBÁC (2019). "Fórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin". Dáta rochtana: 2021.
  2. Office of the President of Ireland. "News President Pays Tribute To Irish Peacekeepers" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2020-05-29.
  3. "Misin Reatha" (en). www.military.ie. Dáta rochtana: 2021-03-24.
  4. "International incidents during the 2006 Lebanon War" (as en) (2020-03-25). Wikipedia. 
  5. attorneygeneral.ie (2012). "Oifig an Ard-Aighne; Tuarascáil Bhliantúil 2012". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-11-09. Dáta rochtana: 2021.
  6. "D’fhostaigh fórsaí cosanta Iosrael Gaeilgeoirí chun cúléisteacht le teachtaireachtaí rúnda Gaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie (2018-01-31). Dáta rochtana: 2024-09-19.
  7. Sean O’Riordan (2018-01-31). "Israelis recruited Irish speakers to monitor peacekeepers in Lebanon" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2024-09-19.