Uaimh Thalún an Domhnaigh Mhóir

Is uaimh thalún agus Séadchomhartha Náisiúnta é Uaimh Thalún an Domhnaigh Mhóir atá suite i gContae Lú, Éire.[1][2]

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Uaimh Thalún an Domhnaigh Mhóir
Sonraí
CineálUaimh thalún
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinDún Dealgan, Éire
Map
 54°00′11″N 6°27′34″W / 54.002939°N 6.45938°W / 54.002939; -6.45938
Séadchomhartha náisiúnta na hÉireann
Aitheantóir526

Suíomh cuir in eagar

Tá Uaimh Thalún an Domhnaigh Mhóir suite 3.6 km (2.2 mhíle) siar ó Dhún Dealgan, in aice le cnuasach tithe. Faightear uaimh thalún an Domhnaigh Mhóir i sráidbhaile Chill Choirle.[3][4]

Stair cuir in eagar

Is struchtúr cosúil le huaimh é uaimh thalún a tógadh mar áit tearmainn agus stórála, agus in Éirinn dátaíonn siad idir an 8ú agus an 12ú haois.[5]

Thángthas ar an uaimh thalún i 1960 le linn tógáil iostán de chuid Chomhairle Contae Lú. Is í Etienne Rynne a thochail í agus a d’aimsigh trinsí, clais, dhá pholl cuaille, potaireacht, biorán cré-umha, cloch fhaobhair agus slaig iarainn.

Cur síos cuir in eagar

Is coimpléasc tollán é an uaimh thalún ag Domhnach Mór atá líneáilte le ballaí, urláir agus síleálacha cloiche, le coirbéil agus fardoras. Tá na huasteorainneacha os cionn 1 m ar airde agus is é 80 m (260 tr) fad iomlán an tolláin.[6][7] Tochlaíodh í den chuid is mó i gcré bholláin, ach tochlaíodh í i ngrean Shiolúrach freisin.[8][9]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Rynne (1 January 1959). "Souterrain at Donaghmore, Co. Louth". Journal of the County Louth Archaeological Society 14 (3): 148–153. doi:10.2307/27728970. JSTOR 27728970. 
  2. Edwards (15 April 2013). "The Archaeology of Early Medieval Ireland". Routledge. ISBN 9781135951429.– tríd Google Books 
  3. Weir (1 January 1980). "Early Ireland: a field guide". Blackstaff Press. ISBN 9780856402128.– tríd Google Books 
  4. Kennedy (1 May 1994). "Ancient Ireland: the user's guide". Morrigan Books. ISBN 9780907677604.– tríd Google Books 
  5. Rockart site and souterrain visits by Society - Independent.ie”.
  6. Donaghmore Souterrain”.
  7. Donaghmore - Souterrain”.
  8. Weir. “County Louth - selected monuments”.
  9. 20915 « Excavations”.