Urchadh mac Murchadha

rí Éireannach

Mhaigh Sheola ba ea Urchadh mac Murchadha (aitheanta fosta mar Archad Dearg) (bás 943).[1]

Infotaula de personaUrchadh mac Murchadha
Beathaisnéis
Bás943 (Féilire Ghréagóra)
Teaghlach
PáisteBébhinn ní Urchadha, Creasa ní Urchadha, Donnchadh mac Urchadha, Caineach ní Urchadha Cuir in eagar ar Wikidata
AthairMurchadh mac Maonaigh

Beatha cuir in eagar

Ar cheann desna taoisigh is luaite sa cheantar (Uí Briúin Seóla) dá bhfuil fianaise ann is ea Urchadh. Is amhlaidh go raibh tionchar éigin acu thar Iar Chonnacht. Ainmnithe as a athair féin ba ea a rítheaghlach, Muintir Mhurchadha. Mhaífeadh clann Uí Fhlaithbheartaigh níos deireanaí é mar shinsear.

Clann cuir in eagar

Bhí deartháir níos sine ag Urchadh ainm Urumhain nó Earca.

I dteannta lena mhac agus comharba, Donnchadh, bhí triúr iníonacha aige a chuaigh i gcleamhnais uaisle:

Trína iníon Bébhinn, seanathair Bhriain Bóramha, Ardrí na hÉireann (bás 1014), ba ea Urchadh.

Foinsí cuir in eagar

  • Annála Uladh
  • Annála na gCeithre Máistrí
  • Ruaidhrí Ó Flaithbheartaigh, West or H-Iar Connaught 1684 (foilsithe 1846, eag. James Hardiman).
  • Anthony Matthews, Origin of the Surname O'Flaherty, Baile Átha Cliath, 1968, lch. 40.
  • Francis John Byrne, Irish Kings and High-Kings, (2001), Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Dan McCarthy, Synchronisms Curtha i gcartlann 2012-06-08 ar an Wayback Machine, eagrán athbhreithnithe, Coláiste na Tríonóide.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Roderic O'Flaherty, A Chorographical Description of West Or H-Iar Connaught, 1684, lch 365, archive.org
Réamhtheachtaí
Cléirchén mac Murchadha
Ríthe Mhaigh Sheola
891?–943
Comharba
Donnchadh mac Urchadha