Vallabhbhai Patel

Dlíodóir agus polaiteoir de chuid na hIndia ab ea Vallabhbhai Jhaverbhai Patel (Gúisearáitis: [ʋəlːəbːʰɑi dʒʰəʋeɾbʰɑi pəʈel]; pə-TEL; 31 Deireadh Fómhair 187515 Nollaig 1950). Tugadh Sardar (nó Taoiseach) air mar leasainm.

Vallabhbhai Patel
Sardar patel (cropped).jpg
ball den Lok Sabha


ball de Chomhthionól na hIndia

Iúil 6, 1946 - Eanáir 24, 1950
ball de Choiste Idirbheartaíochta Chomhthionól na hIndia

Nollaig 21, 1946 -
ball de Choiste Stiúrtha Thionól Bunreachta na hIndia

Eanáir 21, 1947 -
Ball de Choiste Comhairleach Thionól tionól Bunreachta na hIndia

Eanáir 24, 1947 -
Deputy Prime Minister of India (en) Aistrigh

Lúnasa 15, 1947 - Nollaig 15, 1950
← luach ar iarraidh - Morarji Desai
Aire Gnóthaí Baile

Lúnasa 15, 1948 - Nollaig 15, 1950
← luach ar iarraidh - C. Rajagopalachari
Saol
Eolas breitheNadiad, 31 Deireadh Fómhair 1875
NáisiúntachtRéimeas Briotanach
An India
Tiarnas na hIndia
BásMumbai, 15 Nollaig 1950
Cúis bháisbás nádúrtha (ionfharchtadh miócairdiach)
Muintir
Céile/CéilíJhaverben Patel (en) Aistrigh
Páistí
Oideachas
Alma materMiddle Temple (en) Aistrigh
City Law School (en) Aistrigh
TeangachaAn Ghúisearáitis
An Hiondúis
an Béarla
Gairm
Gairmpolaiteoir, eacnamaí, abhcóide agus saineolaí dlí
Duaiseanna
Cleamhnú
ReiligiúinAn Hiondúchas
Páirtithe polaitíochtaIndian National Congress (en) Aistrigh
IMDbnm1524543

Duine de na náisiúnaithe agus polaiteoirí is mó le rá lena linn ba ea é. Rinne Narendra Modi dia beag de sna 2010idí, agus tógadh an dealbh is mó ar domhan de, 'Dealbh an Aontais', in Gujarat,[1] a osclaíodh ar 31 D.F. 2018

Sardar ar chlé, in éineacht le Mahatma Gandhi (roim 1948)

SaolCuir in Eagar

 
'Dealbh an Aontais', an dealbh is mó ar domhan in Gujarat[1]

D'éirigh go maith le Sardar mar dhlíodóir ar feadh roinnt mhaith blianta.

Rinneadh ceannaire de chuid Chomhdháil Náisiúnta na hIndia de sa bhliain 1931. Bhí Sardar ar na cosantóirí ba dhílse a bhí ag Gandhi le linn feachtas, cosúil leis na gluaiseachtaí um an Neamh-chomhoibriú agus "Scoir an India".[2]

I ndiaidh an neamhspleáchais, bhí páirt lárnach ag Sandar i ndréachtú Bhunreacht na hIndia.

Mar Aire Gnóthaí Baile agus an Leas-Phríomh-Aire ón mbliain 1947 go dtí gur éag sé, bhí páirt lárnach aige i lánpháirtiú na stát "prionsúil" (Gujarat, Bhopal, Cochin srl) isteach in Aontas na India agus i bhforbairt sheirbhísí náisiúnta le haghaidh an riaracháin agus na póilíneachta agus páirteanna eile den stát.[2]

Bhuail taom croí é ar 15 Nollaig 1950, in aois 75 dó.

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. 1.0 1.1 "Statue of Unity" (as en) (2022-12-07). Wikipedia. 
  2. 2.0 2.1 UCD Sutherland School of Law (2019). "Vallabhbhai Jhaverbhai (1875-1950)" (ga-IE). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2022-12-11.