I mí Lúnasa 2024, bhí cead tugtha ag an Aire Spóirt Catherine Martin an chéad veileadróm[1] faoi dhíon in Éirinn a thógáil i mBaile Bhlainséir in iarthar Átha Cliath. Cuar 250 méadar a bheas sa rásraon rothaíochta a thógfar sa Champas Náisiúnta Spóirt i mBaile an Aba in aice le mótarbhealach an M50. Beidh thart ar 1,000 suíochán ann don lucht féachana. Osclófar an t-ionad in 2027 agus beidh seans níos fearr ag rothaithe as Éirinn boinn a bhuachan sna mórchomórtais idirnáisiúnta de bharr veileadróm úrscothach.[2]

Spórt Éireann, Campas
Spórt Éireann, Campas
Spórt Éireann, Campas

Faoi láthair, caithfidh scothrothaithe in Éirinn traenáil thar lear agus ní féidir aon chomórtais a reáchtáil sa tír seo.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. Dublin Veoldrome, National Sports Campus in Blanchardstown / Baile Bhlainséir
  2. Nuacht RTÉ (2024-08-01). "An chéad veileadróm faoi dhíon sa tír le tógáil i mBaile an Aba" (as ga-IE).