Is “recreational mathemusician” (matamaiticeoltóir fóillíochta) í Victoria Hart, nó Vi Hart.[1] Tá cáil ar a cuid físeán matamaitice ar YouTube agus tá níos mó ná 1,200,000 síntiúsóir aici.[2]

Infotaula de personaVi Hart

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Victoria Hart
1988
35/36 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Stony Brook Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilMáistir sa Cheol
Gníomhaíocht
Gairmmatamaiticeoir, cruthaitheoir YouTube, cumadóir, léiritheoir teilifíse Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirKhan Academy Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
EleVR (–luach anaithnid)
Ealaín an Taighde Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Teaghlach
AthairGeorge Hart

Suíomh gréasáinvihart.com Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: vihartvihart Mastodon: vihart@mastodon.social Youtube: UCOGeU-1Fig3rrDjhm9Zs_wg Souncloud: vihartvihart Musicbrainz: d28d4371-4d33-454c-b10d-774982103d01 Cuir in eagar ar Wikidata

Is iníon le George W. Hart í, "dealbhóir matamaiticiúil". Rinne sí céim sa cheol in Ollscoil Stony Brook, Nua-Eabhrac. Fad is í ag cruthú físeáin matamaitice, rinne sí comhscríobh ar roinnt páipéar matamaitice ar an ngeoiméadracht ríomhaireachtúil agus ar an matamaitic a bhaineann le filleadh páipéir.[3]

Fuair Vi Hart tacaíocht ó Khan Academy agus rinne sí físeáin oideachasúla ar an suíomh mar “resident mathemusician” (matamaiticeoltóir cónaitheach).[4] Faoi láthair, oibríonn sí don grúpa taighde eleVR ag cruthú físeáin réaltachta fíorúla in éineacht le Andrea Hawksley agus Emily Eifler.[5] D’oibrigh sí ar chluichí ríomhaire oideachasúla, mar shampla The Parable of the Polygons le Nicky Case.[6]

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar