Tá an líon alt sa Vicipéid ag druidim le 10,000 (le 59,865 alt againn go dtí seo). Shroicheamar 9,000 alt i mí Dheireadh Fómhair.

Is seans mór é seo an Vicipéid a chur chun cinn, agus is de bharr sin gur chóir plé a dhéanamh faoi cad a bheidh sa 10,000ú alt. Chruthaigh mé an t-alt seo chun an phlé a oscailt maidir le gach rud a bhaineann leis. --Footyfanatic3000 22:34, 11 Mí na Nollag 2009 (UTC)

Moltaí don leathanach cuir in eagar

Dána agus dearthóireacht radharcach (Tá an nasc dearg seo ar crochadh thart ar an phríomhleathanach i gcónaí!) SeoMac 02:28, 12 Mí na Nollag 2009 (UTC)

Smaoineamh maith! Tá sé sa phríomhleathanach freisin. --Footyfanatic3000 19:54, 12 Mí na Nollag 2009 (UTC)

Tá droch-Ghaeilge in ailt áirithe. Ba chóir féachaint chuige go mbeidh caighdeán maith san alt seo. Dar liom ba chóir iarraidh ar úsáideoir(í) a bhfuil Gaeilge mhaith aige féachaint chuige go bhfuil caighdeán maith ann nuair a bheidh sé críochnaithe. An t-úsáideoir Panu nó duine éicint eile mar sin.

Chomh maith leis seo, ba chóir féachaint chuige go mbeidh ábhar réasúnta suimiúil i gceist. Mangaire

Bhí an smaoineamh céanna agam, agus gan dabht níl mo chruinneas go hiontach de bharr nach Gaeilgeoir dúchasach mé.
P.S. Go raibh maith agat, a Mhangaire, as ucht mo bhotúin a cheartú arís. --Footyfanatic3000 23:34, 16 Mí na Nollag 2009 (UTC)
Ná habair é! Mangaire
Réiteach iomchuí ná an 'onóir' a ofráil do Phanu. Lig dó a rogha ailt a scríobh!Éóg1916 17:10, 17 Mí na Nollag 2009 (UTC)
Aontaím leat, a hÉóg1916. Má tá sé sásta an alt a scríobh, lig dó! Tá Gaeilge iontach aige --Footyfanatic3000 18:19, 17 Mí na Nollag 2009 (UTC)
Bheinn sásta dá mbeadh duine mar sin sásta an t-alt a scríobh. Ní gá alt fada a scríobh, ach ba chóir go mbeadh caighdeán maith ann. Mangaire
Maidir leis an ábhar, nach mba mhaith an rud é aistriúchán simplí ar alt Béarla, focal ar fhocal, a sheachaint don alt seo? Mar shampla, d'fhéadfaí iarraidh ar Phanu (dá mbeadh sé sásta an t-alt a chruthú) scríobh faoi cheantar Gaeltachta, ábhar Fionlannach nó rud éicint mar sin, le heolas breise, seachas aistriúchán simplí. Mangaire
Aontaím leat arís. Ní dhéanfar aistriúchán focal ar fhocal don alt seo, b'fhéidir. --Footyfanatic3000 19:08, 20 Mí na Nollag 2009 (UTC)
Táim tar éis http://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Pl%C3%A9_%C3%BAs%C3%A1ideora:Panu_Petteri_H%C3%B6glund&curid=4705&diff=313121&oldid=305174 a scríobh. Tá súil agam go mbeidh sibh sásta leisMangaire Agus http://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Pl%C3%A9_%C3%BAs%C3%A1ideora%3APanu_Petteri_H%C3%B6glund&action=historysubmit&diff=313133&oldid=313121
Caithfidh mé aontú, is smaoineamh iontach é seo, Ar roghnaigh sibh ábhar an alt? Agus an bhfuil sibh ag smaoineamh faoi preaseisiúint a déanamh freisin? Cliste 23:10, 22 Mí na Nollag 2009 (UTC)
Tá Panu tar éis Ivan Bunin, scríbhneoir Rúiseach a roghnú mar an ábhar. Tá obair ag dul ar aghaidh ag Vicipéid:Halla baile/10,000/Alt. Maidir le preaseisiúint, níl aon phlé déanta fós. --Footyfanatic3000 23:56, 22 Mí na Nollag 2009 (UTC)

Préas Ráiteas? cuir in eagar

Ceapaim go bhfuil sé seo deis an Vicipéid a chur chun cinn (Tá neart alt ag Nós Mag mar shampla faoi teicneolaíocht as Gaeilge). Cad a ceapann sibh? Thosaigh mé píosa fíor bheag ar Plé_Vicipéide:Tuairisciú_an_phreasa, ach mura ceapann sibh gur fiú é ní tharloídh sé! Cliste 00:10, 19 Eanáir 2010 (UTC)[reply]

Is dócha go mbeadh an leathanach seo (Vicipéid:Halla baile/10,000/Alt) óiriúnach don alt? Mangaire

Alt do www.beo.ie cuir in eagar

A chairde, sheol mé an ríomhphost seo chuig www.beo.ie, "A chairde,

Tá 10,000 alt ag an Vicipéid Ghaeilge anois.

Alt 10,000 (a "foilsíodh" inniu): http://ga.wikipedia.org/wiki/Ivan_Bunin

N'fheadar an mbeadh suim ar bith agaibh sna himeachtaí seo mar ábhar scéil?

Le meas, "

Seo an freagra

"Bail ó Dhia ort a Thaidhg.

Go raibh maith agat as an scéala. Is mór is fiú an iarracht sin. Níor mhiste dream eile Gaeilgeoirí a mhealladh isteach i mbun oibre ann.

Ba spéis linn 800-900 focal air, agus a bheith ar caighdeán sách ard.

Le gach dea-ghuí,"

Poiblíocht mhaith a bheadh ann don Vicipéid, is dócha. An mbeadh éinne sásta an t-alt a scróbh a bheadh in ann féachaint chuige go mbeadh an "caighdeán ard" seo ann?