Vicipéid:Laethanta roghnaithe/10 Lúnasa
Is é an 10 Lúnasa an 222ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra, nó an 223ú lá i mbliain bhisigh. Tá 143 lá fágtha sa bhliain.
- 1890 – Cailleadh John Boyle O'Reilly, file, úrscéalaí agus réabhlóidí (r. 1844)
- 1915 – Cailleadh Henry Moseley, fisiceoir Sasanach (r. 1887)
- 1928 – Rugadh Peadar de Barra, polaiteoir Éireannach
- 1964 – Chuir na Náisiúin Aontaithe sos cogaidh i bhfeidhm sa Chipir
- 1971 – Rugadh Roy Keane, imreoir agus bainisteoir sacair
- 1975 – Cailleadh Riobárd Bartún, dlíodóir agus státaire Éireannach (r. 1881)
- 1977 – Bhí dianshlándáil i bhfeidhm nuair a thug an Bhanríon Eilís cuairt ar Thuaisceart Éireann
- 1985 – Rugadh Roy O'Donovan, imreoir sacair