Roy Keane

imreoir sacair agus bainisteoir Éireannach

Is iarimreoir agus traenálaí sacair é Roy Maurice Keane (Gaeilge: Roy Muirís Ó Catháin), a rugadh ar an 10 Lúnasa 1971 i gCorcaigh, Poblacht na hÉireann. D'imir sé le Manchester United ón bhliain 1993 go dtí 2005 sa Premier League, agus d'imir sé freisin le foireann náisiúnta Phoblacht na hÉireann. Chríochnaigh sé le bliain amháin ag imirt le Ceiltigh Ghlaschú in Albain. Chaith 'The Red Devils' £3.75m ar Roy, an méid is mó riamh ag an am. Bhí achrann idir é féin agus a thraenálaí i Manchester United, Alex Ferguson, tar éis agallamh teilifíse a thug Keane do stáisiún an chlub, nár cuireadh amach riamh, agus d'fhág sé an club chun dul ag imirt le Celtic, an club a thacaigh sé mar bhuachaill óg. D'éirigh sé as imirt ar an 12 Meitheamh 2006.

Infotaula de personaRoy Keane

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Roy Maurice Keane
10 Lúnasa 1971
52 bliana d'aois
Corcaigh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Airde178 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmimreoir sacair, bainisteoir sacair Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Tír spóirtÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtsacar Cuir in eagar ar Wikidata
Sraith spóirtPríomhroinn Shasana
Ionad ar an bhfoireann / speisialtachtImreoir lár páirce
Gníomhréim
  Foireann enllaç= enllaç=
1989–1990 Cobh Ramblers Football Club 23(1)
1990–1993 Nottingham Forest F.C. (en) Aistrigh 114(22)
1993–2005 Manchester United Football Club 326(33)
2005–2006 Celtic Football Club 10(1) Cuir in eagar ar Wikidata
  Foireann spóirt náisiúnta enllaç= enllaç=
1991–1991   Republic of Ireland national under-21 football team (en) Aistrigh 4(0)
1991–2005   Foireann sacair náisiúnta Phoblacht na hÉireann 67(9) Cuir in eagar ar Wikidata
  Cóitseálaí enllaç= enllaç=
Sunderland Association Football Club Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
2002Corn FIFA an Domhain 2002
1994Corn FIFA an Domhain 1994 Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Instagram: officialkeane16 FIFA: 76886 UEFA: 8327 Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí Keane ina thraenálaí ar an bhfoireann Sunderland A.F.C. idir 2006 agus 2008 agus Ipswich Town F.C. idir 2009 agus 2011. I mí na Samhna 2013, roghnaíodh mar bhainisteoir cúnta Phoblacht na hÉireann é, faoi bhainisteoireacht Mháirtín Uí Néill.

Corn an Domhain 2002 cuir in eagar

D'imir Roy i gCorn an Domhain 1994 agus bhí sé san fhoireann Éireannach arís i gcomhair Chorn an Domhain 2002. Ba é Keane captaen na foirne, ach tharla achrann cáiliúil idir é féin agus an traenálaí Mick McCarthy i Saipan, agus níor ghlac Roy aon pháirt sa chomórtas. Tá an dráma I, Keano bunaithe ar an méid a tharla i Saipan.

Gairméim bhainisteoireachta cuir in eagar

Tar éis dó éirí as an cluiche mar imreoir, thóg sé a chéad phost mar thraenálaí le Sunderland. Nuair a tháinig sé isteach i mbun oibre, bhí an fhoireann ag bun an Championship, le Niall Quinn ina thraenálaí sealadach orthu. Chuir Keane muinín agus neart isteach san fhoireann arís, agus chríochnaigh siad ar barr na sraithe, éacht a tháinig aniar aduaidh ar chách. An chéad sprioc a bhí aige don chéad bhliain eile ná an fhoireann a choimeád slán sa Premier League, agus rinne siad amhlaidh sa séasúr 2007-2008. D'éirigh Keane as an bpost, áfach, ar an 4 Nollaig 2008, tar éis drochthoradh sa bhaile in aghaidh Bolton Wanderers. Tháinig na sonraí chun solais níos déanaí gur fhág sé de bharr easaontas idir eisean agus úinéirí an chlub.

D'fhan Keane amach as an spotsolas sna míonna ina dhiaidh sin, ach thosaigh na ráflaí ag fás arís nuair a briseadh traenálaí Ipswich Jim Magilton as a phost ar an 22 Aibreán 2009. Cuireadh substaint leis an gcaint seo ar an 24 Aibreán nuair a d'fhógair an club go hoifigiúil go raibh Keane ceaptha acu, ar chonradh dhá bhliain. Briseadh as a phost é sa bhliain 2011.

Chaith Keane seal ina dhiaidh sin mar aoi agus anailísí ag cur na cluichí móra Eorpacha agus idirnáisiúnta i láthair ar chláir spóirt UTV. Bhí sé luaite ar an toirt mar chomharba ar Giovanni Trapattoni nuair a briseadh seisean as a phost, ach b'ábhar ionaidh é nuair a ceapadh mar bhainisteoir cúnta de chuid Martin O'Neill é.


Thosaigh roy keane leis an gCeilteach i 2005 chun deireadh a chur lena shaol sa pheil. Thacaigh sé leis an gclub mar pháiste agus d'imir sé don chlub go dtí 2006 nuair a d'éirigh sé as peil ghairmiúil. Bhuaigh Celtic an dúbailte an bhliain sin agus chríochnaigh Keane a ghairm bheatha.

Clubanna cuir in eagar

 
Leabhar beathaisnéise le Roy Keane agus Eamonn Dunphy
Mar imreoir
Mar thraenálaí

Staitisticí cuir in eagar

Clubanna
Idirnáisiúnta

Tagairtí cuir in eagar

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar