Vicipéid:Laethanta roghnaithe/18 Deireadh Fómhair
Is é an 18 Deireadh Fómhair an 291ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 292ú lá i mbliain bhisigh. Tá 74 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá Fhéile Lúcás Soiscéalaí" san Eaglais Chaitliceach Rómhánach.
- 1871 – Cailleadh Charles Babbage, matamaiticeoir, innealtóir meicniúil agus eolaí ríomhaireachta (r.1791)
- 1899 – Cailleadh Eoghan Ó Gramhnaigh, sagart, scoláire agus gníomhaí Gaeilge (r.1863)
- 1925 – Rugadh Seoirse Ó Colla, polaiteoir agus iar-Thánaiste na hÉireann (b.1983)
- 1926 – Rugadh Chuck Berry, ceoltóir Meiriceánach
- 1931 – Cailleadh Thomas Edison, ceapadóir agus fear gnó (r.1847)
- 1939 – Rugadh Pádraig Ó Rathaille (Paddy Reilly), ceoltóir agus amhránaí Éireannach
- 1939 – Rugadh Lee Harvey Oswald, feallmharfóir John F. Kennedy (b.1963)
- 1977 – D'éirigh le trúpaí na Gearmáine gialla a bhí á gcoinneáil ag sceimhlitheoirí ar eitleán sa tSomáil a shaoradh
- 1989 – Bhuail Crith Talún Loma Prieta cathair San Francisco, 6.9 ar an Scála Richter