Thomas Edison

ceapadóir agus fear gnó Meiriceánach (1847–1931)

Ceapadóir agus fear gnó ab ea Thomas Alva Edison (11 Feabhra 184718 Deireadh Fómhair 1931), a rugadh i Ohio, Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Thomas Edison
Thomas Edison2.jpg
Saol
Ainm iomlánThomas Alva Edison
Eolas breitheMilan, Ohio, 11 Feabhra 1847
NáisiúntachtStáit Aontaithe Mheiriceá
Grúpa eitneachMeiriceánaigh
Teanga dhúchaisan Béarla
BásWest Orange, 18 Deireadh Fómhair 1931
Áit adhlacthaThomas Edison National Historical Park
Cúis bháisbás nádúrtha (diaibéiteas)
Muintir
AthairSamuel Ogden Edison
MáthairNancy Elliott
Céile/CéilíMary Stilwell Edison (en) Aistrigh  (1871 -  Lúnasa 9, 1884)
Mina Miller (en) Aistrigh  (1886 -  1931)
Páistí
Siblíní
liosta iomláin
Teaghlach
liosta iomláin
Oideachas
Alma materCooper Union
(1875 - 1879) : ceimic
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairminnealtóir, cumadóir, matamaiticeoir, fiontraí, scríbhneoir scripte scannáin, duine den lucht gnó, stiúrthóir scannán agus fisiceoir
FostóiríGeneral Electric
Continental Edison (en) Aistrigh
Saothar iomráiteachlampa gealbhruthach
Fónagraf
Duaiseanna
Ainmníodh é/í le haghaidh
BallraíochtAcadamh Ríoga na Sualainne um Eolaíocht
Cumann Meiriceánach na Fealsúnachta
Acadamh Eolaíochtaí APSS
Acadamh Rúiseach na nEolaíochtaí
Acadamh Náisiúnta na nEolaíochtaí
Naval Advisory Board of Inventions (en) Aistrigh
Cleamhnú
Reiligiúindias
IMDbnm0249379
Discogs ID1195433
Thomas Alva Edison Signature.svg
(en) A Day with Thomas Edison (1922)

D'fhionn sé an fónagraf (1877)[1], an glacadóir don teileagraf, córas chun 4 theachtaireacht a tharchur go comhuaineach, tarchuradóir carbóin teileafóin, an chéad lampa gealbhruthach (1879), agus córas iomlán dáilte leictreachais.

D'fhorbair sé an chéad fhearas lárnach chun cumhacht leictreach a ghiniúint is a tharchur go forleathan. D'fhorbair sé batairí, agus fiú an chéad iarnród leictreach (Hoboken NJ, 1930).

Bhí níos mó ná 1,300 paitinn ag Edison.

AireagáinCuir in Eagar

  • An fónagraf. Edison a thaispeáin an gléas seo i 1877 mar ionstraim deachtaithe don oifig, ach tháinig sé chun foirfeachta mar chóras siamsa baile sa leathchéad bliain ina dhiaidh sin.
  • An micreafón. Shaothraigh Bell is Edison na céad chinn le haghaidh teileafónaíochta
  • Teirmianaic. Thomas Edison a d'fhionn an iarmhairt seo i 1883.
  • D'úsáid Edison stiallacha leanúnacha scannáin fhótagrafaigh ina cheamara Kinetoscope i 1891 , ach ba iad na deartháireacha Lumiere, a theilg íomhánna ar scáileán os comhair lucht mór féachana i 1895, a bhunaigh an tionscal taifeadta scannán is a léirithe i bpictiúrlanna. Ag tosú le cineiteagraf Dickson ó chomhlacht Thomas Edison i 1891 , bunaíodh an scannán 35 mm, pollta ar a fhad chun gurbh fhéidir é a ghluaiseacht ar aghaidh le cromán, oibrithe de láimh ag an gceamaradóir féin,
 
Thomas Edison, 1878

OidhreachtCuir in Eagar

Bhí tionchar mór ag Edison ar an eolaíocht i rith an 19ú agus 20ú haois.

  • Leag Alexander Graham Bell síos bunús an teileafóin le glacadóir ionduchtaithe a cheap sé féin chun an fhuaim a chruthú, ceangailte le sreang le tarchuradóir carbóin de chuid Thomas Edison.
  • Thosaigh Arthur Edwin Kennelly ag obair le Thomas Edison sna Stáit Aontaithe i 1887.
  • Ó 1891, thosaigh Henry Ford ag obair do chomhlacht Edison i nDetroit.

TagairtíCuir in Eagar

  1. Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéím 2011)