Eolaí agus ceapadóir a rugadh i nDún Éideann agus a d'oibrigh i gCeanada agus sna Stáit Aontaithe ab ea Alexander Graham Bell (3 Márta, 18472 Lúnasa, 1922). Is é Alexander Graham Bell a cheap an chéad teileafón.

Alexander Graham Bell
Alexander Graham Bell.jpg
Voice
ollamh

Saol
Eolas breithe Dún Éideann, Márta 3, 1847
Náisiúntacht Stáit Aontaithe Mheiriceá
Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann
Áit chónaithe Brodhead-Bell-Morton Mansion (en) Aistrigh
Teanga dhúchais An Béarla
Bás Beinn Bhreagh (en) Aistrigh, Lúnasa 2, 1922
Áit adhlactha Beinn Bhreagh (en) Aistrigh
Na cúinsí a bhaineann lena b(h)ás bás nádúrtha (diaibéiteas)
Muintir
Athair Alexander Melville Bell
Máthair Eliza Bell
Céile/Céilí Mabel Gardiner Hubbard  (Iúil 11, 1877 -  Lúnasa 2, 1922)
Páistí
Oideachas
Alma mater Ollscoil Dhún Éideann
University College London
Royal High School, Bath (en) Aistrigh
Leibhéal oideachais Dochtúir Eolaíochtaí
Teangacha teanga chomharthaíochta
An Béarla
Gairm
Gairm fisiceoir, innealtóir leictreach, innealtóir, duine den lucht gnó, cumadóir agus Profesor
Meachán 111 kg
Airde 183 cm
Fostóirí Smithsonian Institution
Saothar iomráiteach invention of telephone (en) Aistrigh
Duais
Ballraíocht Acadamh Náisiúnta na nEolaíochtaí
Acadamh Ealaíona agus Eolaíochtaí Mheiriceá
German Academy of Sciences Leopoldina (en) Aistrigh
Phi Beta Kappa Society (en) Aistrigh
American Philosophical Society (en) Aistrigh
IMDb nm1745080
Alexander Graham Bell (signature).svg
Alexander Graham Bell, three-quarter length portrait, standing, facing left - 3c04275r.jpg
paitinn Bell ar an 7 Márta 1876 .. an-cosúil le paitinn a thóg Gray amach ar an 14 Feabhra

TeileafónCuir in Eagar

Theastaigh ó Bell gléas cumarsáide a cheapadh a bheadh níos fearr ná an teileagraf, agus go mbeadh daoine ábalta gléas leictreach a úsáid chun labhairt le daoine a bhí i bhfad uathu[1]. Leis an teileagraf ní fhéadfaí ach teachtaireachtaí i gcód Morse a sheoladh.

Aithnítear go forleathan é gur cheap Bell an chéad ghuthán sa bhliain 1876).[2] Ach tá conspóid ann i gcónaí. Bhí paitinn cláraithe ar dtús ag Elisha Gray ar an 14 Feabhra 1876. Fuair Alexander Graham Bell paitinn eile ar an 7 Márta 1876 chun an teileafón a fhorbairt[3] .. a bhí go díreach mar an gcéanna leis an méid a bhí cláraithe ag Gray cúpla seachtain roimhe sin.

 
Alexander Graham Bell agus a bhean chéile, Mabel Gardiner Hubbard agus a gclann, Elsie May Bell (ar chlé) agus Marian Hubbard Bell, 1885.

Ar an 10 Márta 1876, d'éirigh le Alexander Graham Bell an chéad chomhrá teileafóin a bheith aige lena chúntóir Thomas Watson a bhí suite i seomra taobh leis. ‘Watson,’ a dúirt Bell ar an teileafón, ‘tar anseo.’ Agus chuala Watson é!

Leag Bell síos bunús an teileafóin le glacadóir ionduchtaithe a cheap sé féin chun an fhuaim a chruthú, ceangailte le sreang le tarchuradóir carbóin de chuid Thomas Edison chun comhartha leictreach a chruthú ó fhuaim an ghutha.

Sa bhéalóg d'imbhuail creathanna na fuaime san aer le scannán anuas ar chiseal gráinníní carbóin, agus d'athraigh brú an scannáin friotaíocht an chisil seo chun sruth athraitheach leictreach a chruthú mar chomhartha na fuaime.

Tharchuir Bell an chéad abairt labhartha i 1875.

Bhunaigh sé comhlacht Bell Telephone i 1877.

Aireagáin eileCuir in Eagar

Ina Shaotharlann Volta cheap Bell an fónagraf, an closmhéadar, an meá ionduchtúcháin le rudaí miotalacha taobh istigh den cholainn a bhrath, taifid chéireacha don fhónagraf. D'athraigh na haireagáin seo an domhan.

SaolCuir in Eagar

Bhí Bell ceannasach i mbunú an fhoilseacháin cháiliúil Science (Eolaíocht) i 1880.

Bhunaigh Bell an réadlann réaltfhisice in Institiúid Smithsonian, agus chuir tús le Cumann Tástála Aerga.

Rugadh Bell in Albain sa bhliain 1847 agus bhog sé go Meiriceá Thuaidh in 1870.

 
Alexander Graham Bell ag pógadh Mabel Hubbard Gardiner Bell

Chaith Bell tréimhsí dá shaol ina chónaí i gCeanada agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

TagairtíCuir in Eagar