Gealbhruthaíl is bun le hastaíocht solais sa ghnáthlampa leictreach. Seoltar sruth leictreach trí shreang tungstain, éiríonn an tsreang te dá bharr, agus má bhíonn an tsreang te go leor — thar 800 °C, abair — astaítear solas infheicthe chomh maith le méid mór radaíochta infridheirge. Tugtar an filiméad ar an tsreang théite. De réir mar a ardaíonn teocht na sreinge, léiríonn dlí Stefan is dlí Wien conas a athraíonn speictream na radaíochta uaithi. Chun lampa gealbhruthach éifeachtach a dhéanamh, ba bhreá dá bhféadfaí an teocht a ardú chuig 6000 °C, teocht dhromchla na Gréine, sa dóigh is go mbeadh buaic speictream an lampa i lár an réimse infheicthe, díreach mar atá buaic speictream na Gréine. Ach fiú le tungstan, an miotal is airde leáphointe, is deacair dul mórán thar 3000 °C, an ghnáth-theocht feidhmithe, mar galaíonn an tungstan ón tsreang, rud a lagaíonn í, agus tuirlingíonn an ghal ar an ngloine, rud a dhorchaíonn é. De bharr na teochta ísle seo, 3000 °C, astaítear cuid mhór radaíochta infridheirge ó lampa gealbhruthach ar bith, agus ní astaítear mar sholas infheicthe ach b'fhéidir 5% den fhuinneamh leictreach. Is ar éigin a astaítear radaíocht ultraivialait ar chor ar bith ó lampa gealbhruthach tungstain.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Lampa gealbhruthach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 393.