Vicipéid:Laethanta roghnaithe/1 Bealtaine
Is é an 1 Bealtaine an 121ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 122ú lá i mbliain bhisigh. Tá 244 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Lá Bealtaine", "Lá Idirnáisiúnta an Lucht Oibre" nó "Lá Domhanda an Phlúchta".
- 1769 – Rugadh Arthur Wellesley, an chéad Diúc Wellington (b.1852)
- 1945 – Fógraíodh gur maraíodh Adolf Hitler i mBeirlín na Gearmáine
- 1945 – Cailleadh Joseph Goebbels, aire bolscaireachta sa Ghearmáin (r.1897)
- 1949 – Rugadh Joe Higgins, polaiteoir Éireannach
- 1951 – Rugadh Mícheál Mac Dubhghaill, polaiteoir Éireannach
- 1967 – Phós an t-amhránaí Elvis Presley Priscilla Beaulieu i Las Vegas
- 1969 – Rugadh Mary Lou Ní Dhomhnaill, polaiteoir Éireannach
- 1981 – Rugadh Alexander Hleb, imreoir sacair
- 1994 – Maraíodh an t-iománaí Foirmle a hAon Ayrton Senna (r.1960) nuair a thuairteáil a charr ar bhacainn in Grand Prix San Mairíne
- 2004 – Leathnaíodh An tAontas Eorpach agus 10 dtír nua ag teacht isteach ann