Arthur Wellesley, an chéad Diúc Wellington
Bhí Arthur Wellesley, an chéad díuc Wellington (1 Bealtaine, 1769 - 14 Meán Fómhair, 1852) ar dhuine de na saighdiúirí agus státairí ba thábhachtaí sa mBreatain i rith na naoú haoise déag.
In Éirinn a rugadh é (ag 29 Sráid Mhuirfean Uachtarach i mBaile Átha Cliath, an óstán Merrion inniu), de phór uasal.
Gníomhaíocht mhíleataCuir in Eagar
Chaith sé tamall ina aide-de-camp do dhá Lord Lieutenant in Éirinn.
Throid Wellesley san Ísiltír agus san India, i gCath Seringapatam sa gCeathrú Cogadh Anglo-Mysore. Déanadh gobharnóir ar Seringapatam agus ar Mysore de ina dhiaidh sin.
Tharraing Wellesley cáil air féin mar ghinearál i leithinis na Spáinne agus na Poirtingéile i rith chogaidh Napoleon.
Tugadh grád marascal machaire (field marshall) dhó tar éis buanna in aghaidh na Fraince ag Cath Vitoria in 1813.
Tar éis dhíbirt Napoleon in 1814, chaith sé tréimhse ina ambasadóir chun na Fraince. Déanadh Diúc de. Bhí sé i gceannas ar an arm a bhuail Napoleon ag Cath Waterloo sa bhliain 1815.
Príomh-aireCuir in Eagar
Nuair a bhí sé fós óg, toghadh é ina fheisire i bParlaimint na hÉireann.
Chaith Wellesley dhá thréimhse ina phríomh-aire leis na Tóraithe, ar dtús idir 1828-30 agus arís in 1834.
Ba ea Wellesley a bhí ina phríomh-aire njuair a ritheadh an tAcht Faoisimh do Chaitlicigh (Fuascailt na gCaitliceach) sa bhliain 1829.
Bhí Wellesley ina phríomh-cheannasaí ar arm na Breataine go dtí gur cailleadh é in 1852.
Féach freisinCuir in Eagar
TagairtíCuir in Eagar
Príomh-Airí na Ríochta Aontaithe |
||
Walpole | Wilmington | Pelham | Newcastle | Devonshire | Newcastle | Bute | Grenville | Rockingham | Chatham | Grafton | North | Rockingham | Shelburne | Portland | Pitt the Younger | Sidmouth | Pitt the Younger | Grenville | Portland | Perceval | Liverpool | Canning | Goderich | Wellington | Grey | Melbourne | Peel | Melbourne | Peel | Russell | Derby | Aberdeen | Palmerston | Derby | Palmerston | Russell | Derby | Disraeli | Gladstone | Disraeli | Gladstone | Salisbury | Gladstone | Salisbury | Gladstone | Rosebery | Salisbury | Balfour | Campbell-Bannerman | Asquith | Lloyd George | Bonar Law | Baldwin | MacDonald | Baldwin | MacDonald | Baldwin | Chamberlain | Churchill | Attlee | Churchill | Eden | Macmillan | Douglas-Home | Wilson | Heath | Wilson | Callaghan | Thatcher | Major | Blair | Brown | Cameron | May | Johnson |
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |