Vicipéid:Laethanta roghnaithe/22 Mí na Nollag
Is é an 22 Nollaig an 356ú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra nó an 357ú lá i mbliain bhisigh. Tá 9 lá fágtha sa bhliain.
Inniu "Tōji" sa tSeapáin.
- 69 – Dúnmharaíodh an tImpire Vitelius ar na Staighrí Geimeonacha sa Róimh
- 858 – Fuair t. 200,000 duine bás de bharr crith talún in Damghan na Peirse
- 1691 – Sheol na Géanna Fiáine faoi cheannas Phádraig Sairséil as Luimneach i ndiaidh an léigir
- 1694 – Rugadh Hermann Samuel Reimarus, fealsamh agus scríbhneoir Gearmánach (b.1768)
- 1894 – Cuireadh tús le Cúis Dreyfus nuair a fuarthas Alfred Dreyfus ciontach go mícheart i dtréas i gcoinne na Fraince
- 1973 – Rugadh Alan Thompson, imreoir sacair
- 1984 – Rugadh Jonas Erik Altberg (Basshunter), ceoltóir
- 1989 – Cailleadh Samuel Beckett, drámadóir, úrscéalaí, file (r.1906)
- 1997 – Dúnmharaigh fórsaí paraimhíleata 48 gníomhaí sóisialta Indiacha ag cruinniú paidreoireachta Caitliceach in Acteal, i Meicsiceo
- 2002 – Cailleadh Joe Strummer, ceoltóir Sasanach (r.1952)