Is tír in iardheisceart na hÁise í Poblacht Ioslamach na hIaráine. Tá teorainneacha aici leis an Airméin, an Asarbaiseáin agus an Tuircméanastáin sa tuaisceart, an Afganastáin is an Phacastáin san oirthear, agus leis an Tuirc is an Iaráic san iarthar. Tá uiscí na Murascaille roinnte leis an Araib Shádach, Cuáit, Catar, Bairéin agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Iaráin
ایران (fa) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

AintiúnAmhrán náisiúnta Phoblacht Ioslamach na hIaráine Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Takbir (en) Aistrigh» Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósAryan (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 32°N 53°E / 32°N 53°E / 32; 53

PríomhchathairTehran Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán86,758,304 (2022) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús52.64 hab./km²
Teanga oifigiúilan Pheirsis Cuir in eagar ar Wikidata
ReiligiúnAn tIoslam Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deAn Meánoirthear
Iarthar na hÁise Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla1,648,195 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceMuir Chaisp, Murascaill na Peirse agus Gulf of Oman (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeDamavand (en) Aistrigh (5,610 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleMuir Chaisp (−28 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síPahlavi Iran (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú 224:  (An Ríshliocht Sasánach)
1501:  (Safavid Empire (en) Aistrigh)
1785:  (Qajar Iran (en) Aistrigh)
15 Nollaig 1925:  (Pahlavi Iran (en) Aistrigh)
1 Aibreán 1979:  (Rialtas na hIaráine)
247 "RCh":  (Parthian Empire (en) Aistrigh)
550 "RCh":  (Impireacht Acaeiméineach)
Eachtra thábhachtach
Saoire phoiblí
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaisPoblacht Ioslamach agus stát aonadach Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht feidhmiúcháinRialtas na hIaráine Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachIslamic Consultative Assembly (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
• Supreme Leader of Iran (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataRuhollah Khomeini (1979–1989) Cuir in eagar ar Wikidata
• Uachtarán na hIaráine Cuir in eagar ar WikidataSeyed Ebrahim Raisi (2021–) Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil359,096,907,773 $ (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
AirgeadraIranian rial (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.ir agus ایران. (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+98 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála110, 115 agus 125 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíreIR Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinpresident.ir… Cuir in eagar ar Wikidata

Thugtaí an Pheirs ar an dtír san Iarthar go dtí an bhliain 1935. Ansin, d'iarr an ceann stáit Reza Shah Pahlavi ar na toscairí eachtrannacha an t-ainm úd an Iaráin a úsáid i gcomhfhreagras foirmiúil ón mbliain 1936 ar aghaidh. Tá achrann ann faoi láthair maidir le hainm oifigiúil na tíre. Sa bhliain 1979, bhunaigh an t-Ayatollah Ruhollah Khomeini poblacht Ioslamach faoi stiúir na n-iamám tar éis Réabhlóid Ioslamach na bliana sin agus is é Poblacht Ioslamach na hIaráine an t-ainm a úsáidtear ó shin i leith.

Stair cuir in eagar

Príomhalt: Stair na hIaráine

Geilleagar cuir in eagar

Go dtí na 1960idí bhí geilleagar na hIaráine bunaithe ar an talmhaíocht sa chuid ba mhó. As sin amach rinneadh iarracht an tionsclaíocht a fhorbairt, go mórmhór táirgeadh peitriceimiceán, teicstílí (in Isfahan go háirithe), ábhar tógála, feithiclí, gléasanna leictreacha agus leictreonacha, páipéir agus táirigí bia.

 
Neda Agha Soltan, reilig
 
2004
 
trádáil eachtrach (2011)

I ndiaidh na Réabhlóide Ioslamaí sa bhliain 1979, bhí titim an-mhór san infheistíocht eachtrannach i ngeilleagar na tíre agus thit an tóin as an turasóireacht go hiomlán, beagnach. Mar bharr ar an donas, rinne an cogadh leis an Iaráic an-dochar don ghníomhaíocht eacnamaíoch sa tír agus ní dhearna praghsanna marbhánta an artola aon mhaitheas di ach an oiread. Tháinig an tsíocháin ar ais faoi dheireadh na 1980idí. fFaoin bhliain 1995 bhí geilleagar na tíre ag fás ag ráta 2.5% sa bhliain. Chuaigh praghas an artola in airde arís ag tosnú sa bhliain 2003.

Sa bhliain 2005, d’eascair 11.6% den olltáirgeacht intíre (OTI) ón talmhaíocht agus 30% den daonra ag brath uirthi lena mbeatha a shaothrú. Cruithneacht agus eorna an dá bharr is tábhachtaí. In oirthuaisceart na tíre tá saothrú an chadáis fairsing agus mar i gcéanna leis an rís sna ceantracha riascacha in aice Mhuir Chaisp. Saothraítear an tobac, an tae agus biatais siúcra freisin. I measc torthaí na tíre, áirítear líomóidí an tuaiscirt, fíonchaora, úill, piorraí agus péitseoga an réigiún láir agus dátaí na gceantracha in aice na Murascaille. Tá cáil ar an Iaráin as a cuid torthaí tíortha, go mór mór na cnónna pistéise.

Tá iascaireacht ar siúl feadh na gcóstaí, theas agus thuaidh. Tá tóir ar eochraí an bhradáin fearna (caibheár) ón Muir Chaisp. San iarthuaisceart tógtar caoirigh agus gabhair, chomh maith le cuid . Tógtar camaill ann go fóill freisin agus iad in úsáid le haghaidh iompair agus spóirt.

 
Déanann an comhlacht Iran Khodro an Runna. Comhlacht príobháideach a bunaíodh sa bhliain 1962 é IKCO.

Is é an peitriliam an acmhainn nádúrtha is tábhachtaí sa tír; is é an gás nádúrtha an darna ceann. Faightear an peitriliam agus an gás in iardheisceart na tíre. Sa bhliain 2005 rinneadh 1 mhilliún gluaisteán san Iaráin den chéad uair. Is é Iran Khodro (IKCO) an déantóir gluaisteán is mó sa Mheán Oirthear. Tá roinnt comhfhiontar curtha ar bun ag an gcomhlacht le Renault agus comhlachtaí eile ar cheithre mhór-roinn ar fud an domhain.

 
2002

Is iad bia, innealra, trealamh iompair, iarann agus cruach na rudaí is mó a iompórtálann an Iaráin. Is iad an t-artola, rugaí urláir, torthaí tíortha, agus ainmhithe feirme na rudaí is mó a easpórtálann an tír.

Tagairtí cuir in eagar