Biatas

Planda bliantúil, débhliantúil nó ilbhliantúil, dúchasach don Eoraip is an Áise. Na duilleoga snasta, go minic le himir dhúdhearg. Roinntear na biatais shaothraithe in dhá ghrúpa: na biatais duille a chuimsíonn biatas spionáiste is an biatas bán a fhástar mar ghlasraí glasa, agus na biatais fréimhe a chuimsíonn biatas siúcra, meacan biatas is meaingeal a fhástar ar son a bhfréamhacha inite. Bíonn suas le 20% siúcra i bhfréamh an bhiatas siúcra, agus tá sé an-tábhachtach mar fhoinse siúcra in iarthar na hEorpa.