Virtuti Militari
Is é Virtuti Militari an suaitheantas is airde luach is féidir a bhronnadh ar shaighdiúir Polannach ar son a chrógachta i bhfianaise an namhad. B'é Stanisław August Poniatowski, Rí deireanach na Polainne, a chuir tús leis an mbonn seo sa bhliain 1792, ach cuireadh ar neamhní é nuair a d'fhorghabh na comharsana an Pholainn i ndeireadh na hochtú haoise déag. Ina dhiaidh sin, athchruthaíodh agus neamhníodh é de réir cé acu a bhí ag éirí leis na Polannaigh a saoirse a bhaint amach nó nach raibh.
Lipéad sa teanga dhúchais | (pl) Order Wojenny Virtuti Militari |
---|---|
Téacs mana | Honor I Ojczyzna |
Cineál | ord |
Bailíocht | 22 Meitheamh 1792 - |
Bunaitheoir(í) | Stanisław August Poniatowski |
Rang | Ord an Iolair Bháin Order of Polonia Restituta (en) |
Tír | Comhlathas na Polainne - na Liotuáine, Impireacht na Rúise, an Pholainn agus Congress Poland (en) |
Codanna | |
Tagairtí
cuir in eagarIs síol faoin Pholainn é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |