Walla Walla, Washington
Baile beag in oirdheisceart stát Washington is ea Walla Walla. Is é príomhbhaile oifigiúil Chontae Walla Walla é agus an baile is mó sa chontae chomh maith. Tá Walla Walla ainmnithe as treibh dhúchasach sa cheantar. Bhí 31,731 duine ina chónaí sa bhaile féin sa bhliain 2010, timpeall is 45,000 má chuirtear College Place agus Walla Walla Thoir san áireamh. Tá cáil ar an gceantar as na hoinniún mhilse a fhásann na feirimeoirí ann. Tá isteach is amach le 100 fíonghort sa cheantar freisin. Sa bhliain 1993 bhaist an nuachtán Meiriceánach náisiúnta USA Today "an baile beag is cairdiúla sna Stáit Aontaithe" ar Walla Walla. Is sa bhaile seo a rugadh Adam West, aisteoir a d'éirigh cáiliúil mar gheall ar a ról mar Batman sna 1960idí.
Walla Walla, Washington | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Stáit Aontaithe Mheiriceá | ||||
Stát sna Stáit Aontaithe | Washington | ||||
County of Washington (en) | Contae Walla Walla | ||||
Príomhchathair de | |||||
Daonra | |||||
Iomlán | 34,060 (2020) | ||||
• Dlús | 1,024.19 hab./km² | ||||
Líon na dteaghlach | 12,414 (2020) | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Suite san aonán críochach staitistiúil | Walla Walla metropolitan area (en) | ||||
Achar dromchla | 33.255568 km² | ||||
• Uisce | 0.2545 % | ||||
Airde | 287 m-942 ft | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1856 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
• Ceannaire an rialtais | Tom Scribner (2015–) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 99362 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 509 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | wallawalla.org |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |