Weinberger v. Wiesenfeld
Sa chás Weinberger v. Wiesenfeld, 420 U.S. 636 (1975), rialaigh Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe in aghaidh leithcheala ar bhonn gnéis.
Cineál | breithiúnas de chuid Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe | ||
---|---|---|---|
Dáta foilsithe | 19 Márta 1975 | ||
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá | ||
Baint le limistéar údaráis | Stáit Aontaithe Mheiriceá | ||
Cúirt | Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe | ||
Croineolaíocht | |||
20 Eanáir 1975 | Argóint béil | ||
19 Márta 1975 | Breithiúnas | ||
Sonraí
cuir in eagarFuair bean chéile Stephen Wiesenfeld bás agus bhí air aire a thabhairt dá mhac óg as féin.[1] Ní raibh sé in ann obair a dhéanamh. Rinne sé achainí ar an rialtas airgead sa bhreis a thabhairt dó chun aire a thabhairt dá mhac. Ach de réir an Social Security Act áfach, baintreacha mná amháin a bhí i dteideal íocaíochta.
An t-abhcóide Ruth Bader Ginsburg ag déanamh ionadaíochta do Wiesenfeld. Bhí Caspar Weinberger, an tAire Rialtais ag an am, i mbun cúrsaí rialtais. Dar le Ginsburg, ní raibh aon mhíniú ceart ag an rialtas ar an idirdhealú sin a d’fhág nach raibh aon chabhair le fáil ag baintreacha fir amhail Wiesenfeld. D’aontaigh an chúirt léi agus cuireadh an chuid sin den dlí ar ceal.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ John-Paul McCarthy (2020). "Bhí léargas ar leith ag Ruth Bader Ginsburg ar chás na mban" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-05-02.
Naisc sheachtracha
cuir in eagarIs síol faoi Mheiriceá é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |