Ruth Bader Ginsburg

breitheamh Meiriceánach

Breitheamh Meiriceánach ba ea Ruth Bader Ginsburg (a rugadh Joan Ruth Bader ar an 15 Márta 1933 i mBrooklyn, Nua-Eabhrac agus a fuair bás ar an 18 Meán Fómhair 2020).

Ruth Bader Ginsburg
Ruth Bader Ginsburg 2016 portrait.jpg
Breitheamh de Chúirt Achomhairc na Stát Aontaithe don Ciorcad D.C.

Meitheamh 30, 1980 - Lúnasa 9, 1993
Harold Leventhal - David S. Tatel (en) Aistrigh
Comhbhreitheamh de Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe

Lúnasa 10, 1993 - Meán Fómhair 18, 2020
Byron White - Amy Coney Barrett
Saol
Ainm iomlánJoan Ruth Bader
Eolas breitheBrooklyn, 15 Márta 1933
NáisiúntachtStáit Aontaithe Mheiriceá
BásWashington, D.C., 18 Meán Fómhair 2020
Áit adhlacthaReilig Náisiúnta Arlington
Cúis bháisbás nádúrtha (ailse phaincréis)
Muintir
Céile/CéilíMartin D. Ginsburg  (Meitheamh 23, 1954 -  Meitheamh 27, 2010)
Páistí
liosta iomláin
Oideachas
Alma materOllscoil Cornell
Columbia Law School (en) Aistrigh
Scoil Dlí Harvard
James Madison High School (en) Aistrigh
TeangachaBéarla Meiriceánach
An Eabhrais
An tSualainnis
an Béarla
MúinteoiríBenjamin Kaplan
Gairm
Gairmbreitheamh, dlíodóir agus saineolaí dlí
FostóiríOllscoil Rutgers
Ollscoil Columbia
Rialtas Feidearálach Stát Aontaithe Mheiriceá
Duaiseanna
Daoine le tionchar air/uirthiDorothy Kenyon
BallraíochtAcadamh Ealaíona agus Eolaíochtaí Mheiriceá
SloinnteNotorious R.B.G. agus R.B.G.
Cleamhnú
ReiligiúinAn Giúdachas
IMDbnm0046029
Ruth Bader Ginsburg signature.svg
1993

Bhí tionchar ollmhór aici ar dlí na Stát Aontaithe idir 1993-2020,[1] laoch mór na liobrálach agus céile comhraic mór na gcoimeádach, agus an dara bean a ceapadh ina ball de Chúirt Uachtarach Mheiriceá.[2]

1993

AbhcóideCuir in Eagar

scigphictiúr - tharraing sí conspóid agus meas, ... "bean a bhfuil leabhar, clár faisnéise agus scannán bunaithe uirthi; bean ar baisteadh Notorious RBG uirthi le meas; agus bean a bhfuil a leasainm le feiscint greanta ar mhugaí agus t-léinte"[2]

B’iomaí cás tábhachtach a bhí buaite ag Ginsburg mar abhcóide sna 1970idí. Saineolaí ab ea í ar ghéarleanúint oifigiúil ar bhonn inscne. Dhírigh sí ar dhlíthe éagsúla a rinne idirdhealú géar idir mná agus fir.

Bhí rath ar Ginsburg sna blianta tosaigh mar abhcóide, mar shampla sa chás Weinberger v. Wiesenfeld sa bhliain 1975 os comhair na Cúirte Uachtaraí. Dlíodóir cúramach ab ea Ginsburg a bhain úsáid as fir chun sáinn na mban a shoiléiriú i gceart nuair a bhíodh sí ag caint os comhair seanbhreithiúna fireanna na 1970idí.

Cuimhneachán

BreitheamhCuir in Eagar

I 1980 a roghnaigh Jimmy Carter Bader Ginsburg mar bhreitheamh ar an gcúirt chuarda náisiúnta in Washington D.C. Breitheamh neamhghnách ab ea í toisc gur bhain sí clú agus cáil amach fiú sular ceapadh ina breitheamh sóisearach í.

Roghnaigh Bill Clinton Bader Ginsburg chun a bheith ina breitheamh ar Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe i 1993. (Ón mbliain 1962 ba shuíochán ‘Daonlathach’ an suíochán a bhí aici. Roghnaigh an tUachtarán Kennedy Byron ‘Whizzer’ White mar bhall den Chúirt Uachtarach i 1962, agus thug Clinton an suíochán do Ginsburg nuair a d’éirigh  White as i 1993).

BásCuir in Eagar

Fuair Bader Ginsburg bás de dheasca na hailse ar 18 Meán Fómhair 2020.

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. John-Paul McCarthy (2020). "Bhí léargas ar leith ag Ruth Bader Ginsburg ar chás na mban" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-05-02.
  2. 2.0 2.1 Breandán M Mac Gearailt (4 Márta 2019). "Údar alltachta agus ardú croí araon ag baint le ‘On the Basis of Sex’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-06-08.