Bhunaigh John Pilkington agus Henry Wilson an cuideachta loingseoireachta White Star Line in 1845, ar ceann de na comhlachtaí ba mhó sa mBreatain sa 19ú haois.[1] Bhíodh an White Star Line ina chomórtas idir é agus an comhlacht mór eile, an Cunard Line, cé aige an raibh an long thrasAtlantach ab fhearr.

Bosca Sonraí EagraíochtaWhite Star Line
Sonraí
Cineálgnó
cuideachta loingseoireachta Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlífochomhlacht Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh1845, Learpholl Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte1934 Cuir in eagar ar Wikidata
Ócáid shuntasach
21 Eanáir 1854 longbhriseadh
1867 clisiúnas
18 Eanáir 1868 takeover (en) Aistrigh
2 Márta 1871 céad aistear RMS Oceanic
1 Aibreán 1873 longbhriseadh
1902 takeover (en) Aistrigh
15 Aibreán 1912 14 Aibreán 1912-15 Aibreán 1912sinking of the RMS Titanic (en) Aistrigh
1934 mergers and acquisitions (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
MáthaireagraíochtCarnival Corporation & plc
Ocean Steam Navigation Company (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
ÚinéirRoyal Mail Steam Packet Company (en) Aistrigh (1927–1932)
International Mercantile Marine Company (en) Aistrigh (1902–1927) Cuir in eagar ar Wikidata
Úinéir de
Oceanic, 1871
Oceanic,1899
J. Bruce Ismay, 1912

Bhí na longa ba mhó cáil ag an dá chomhlacht sin ach b’acusan a bhí na longa ba mhó droch-cháil freisin. Ba é an White Star a thóg an long an RMS Oceanic in 1870, RMS Oceanic eile in 1899 agus an RMS Titanic i 1912. De bharr go raibh an ‘White Star Line’ ceannaithe ag comhlacht Meiriceánach, bhí Rialtas na Breataine ag iarraidh a chinntiú nach bhfaigheadh na Meiriceánaigh an ceann is fearr orthu ó thaobh luais ar an Atlantach. Mar sin, thugadar cúnamh airgid do Cunard agus coimisiúnaíodh an ‘RMS Lusitania’.

D’iarr úinéir an ‘White Star Line’ ar Harland & Wolff i mBéal Feirste long mhór ghalánta, ghasta a thógáil sa mbliain 1907 -  b’in í an RMS Titanic. Ar an 15 Aibreán, 1912, amach san Atlantach bhuail sí oighear agus cé go raibh sí ar an long ba nua-aimseartha fós a tógadh leis an turas trasAtlantach a dhéanamh, níor thóg sé ach dhá uair go leith uirthi dul go tóin poill. Chuaigh Bruce Ismay, Cathaoirleach agus Stiúrthóir Bainistíochta an White Star Line, ar an gcéad turas mí-ámharach sin agus é an-bhródúil as an long nua ghasta. D’éirigh leis teacht slán, rud a tharraing conspóid ollmhór.[1]

Bhí an White Star Line i mbroid airgid sna 1930idí, agus bunaíodh an comhlacht "Cunard-White Star Line" sa bhliain 1934.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 Mairéad Ní Nuadháin (7 Meitheamh 2024). "‘Aithním an chanúint. An as Iarthar na hÉireann sibh?’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-06-07.