William Henry Gregory
Polaiteoir agus scríbhneoir ba ea Sir William Henry Gregory PC (Ire) KCMG (13 Iúil 1816 – 6 Márta 1892), de shliocht Angla-Éireannach. Tá cáil air inniu, go háirithe mar phós sé Lady Gregory, an drámadóir agus béaloideasóir.
Saol
cuir in eagarBhí oideachas an-mhaith ag Sir William agus bhí suim aige sna healaíona agus sa litríocht. Bhí leabharlann agus bailiúchán ealaíne ollmhór aige ina theach i bPáirc na Cúile, gar don Ghort.
Rinne sé cúpla téarma mar Theachta Parlaiminte i gcomhair Contae na Gaillimhe mar Choiméadach.
Bhí go leor taistil déanta aige agus sna 1870idí, bhí post aige mar Ghobharnóir ar an tSiolóin (Srí Lanca anois). Baintreach trí scór a bhí sé ag an am sin.
Phós Sir William agus Augusta Gregory ar an 4 Márta 1880 i Séipéal Naomh Matha i mBaile Átha Cliath, agus in aois 27 bliain di agus 63 dó (bhí Sir William 35 bliain níos sine ná Augusta).
Nuair a tháinig sí go Páirc na Cúile ar dtús, bhí ceist na talún go mór i mbéal an phobail.
Londain
cuir in eagarBhí teach ag Sir William i Londain chomh maith, agus chaith an bheirt acu go leor ama thall ansin sna 1880idí, nó ag taisteal.
D'eagraigh siad salón liteartha chuile seachtain sa teach agus d'fhreastail go leor pearsa lárnach sna healaíona agus liteartha ar na salóin, ar nós Robert Browning, Lord Tennyson, John Everertt Millais agus Henry James.
Saolaíodh an t-aon pháiste a bhí ag Lady Gregory agus Sir William, Robert Gregory, sa bhliain 1881.