William Martin Murphy
Ba é Uilliam Máirtín Ó Murchadha nó William Martin Murphy (29 Nollaig 1844 – 25 Meitheamh 1919) a bhí i gceannas ar na fostóirí sa bhliain 1913 agus iad ag cur in aghaidh an cheardchumannachais, nuair a briseadh amach an Stailc agus Frithdhúnadh i mBaile Átha Cliath.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 21 Samhain 1844 Baile Chaisleáin Bhéarra |
Bás | 25 Meitheamh 1919 74 bliana d'aois Baile Átha Cliath |
Ball den 24ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe | |
1 Iúil 1886 – 28 Meitheamh 1892 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 24ú Parlaimint na Ríochta Aontaithe Toghcheantar: Dublin St Patrick's (en) Toghadh i: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 1886 | |
Ball den 23ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe | |
24 Samhain 1885 – 26 Meitheamh 1886 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 23ú Parlaimint na Ríochta Aontaithe Toghcheantar: Dublin St Patrick's (en) Toghadh i: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 1885 | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Belvedere |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | Londain Baile Átha Cliath |
Gairm | polaiteoir, foilsitheoir, duine den lucht gnó |
Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí Parlaiminteach na hÉireann |
Teangacha | Béarla |
Fear gnó
cuir in eagarFear gnó mór-ratha a bhí in Ó Murchadha a rugadh i mBeanntraí i gContae Chorcaí sa bhliain 1844. Sa bhliain 1913 bhí sé ina chathaoirleach ar Chomhlacht Aontaithe Tramanna Bhaile Átha Cliath, agus ba leisean an siopa ilrannach Clery's chomh maith leis an óstán Imperial.[1] Bhí na nuachtáin Irish Independent, Evening Herald agus Irish Catholic faoina smacht freisin, agus bhí sé ina mhór-scairshealbhóir sa chomhlacht farantóireachta B&I Line. Bhí sé ar dhuine den bheagán Caitliceach i saol gnó na hÉireann, ag an am nuair a deireadh le teacht leis an Chinsealacht Phrotastúnach.
Polaiteoir
cuir in eagarNáisiúnaí tábhachtach a bhí in Ó Murchadha freisin, agus seal caite ina Theachta Parlaiminte in Westminster aige. Sa saol príobháideach bhí clú an fhir chineálta fhlaithiúil air, agus bhí pá ard ag a lucht oibre i gcomparáid leis na gnólachtaí eile.[2]
Bhí Ó Murchadha go mór mór in aghaidh na gceardchumann, ó bhí sé den tuairim nár chóir d'aon duine ón taobh amuigh ladar a chur ina chuid gnóthaí, agus thar aon rud eile bhí sé in aghaidh an Lorcánaigh, agus meas an réabhlóidí dhainséaraigh aige air.
1913
cuir in eagarI mí Iúil 1913 tháinig trí chéad fostóir le chéile agus Ó Murchadha sa chathaoir ar an gcruinniú, agus chinn siad ar cur le chéile in aghaidh na gceardchumann. Bhí Ó Murchadha agus na fostóirí eile meáite ar féachaint chuige nach bhféadfadh an Ceardchumann Oibrithe Iompair agus Ilsaothar fódú ceart a dhéanamh i measc lucht oibre Bhaile Átha Cliath. Ar an 15 Lúnasa 1913 shacáil Ó Murchadha dhá scór oibrí a bhí, dar leis, ina mbaill den Cheardchumann. I rith na chéad seachtaine eile tugadh bata agus bóthar do thrí chéad duine eile. Ar feadh seacht míonna bhí na mílte is na hathmhílte de lucht oibre Bhaile Átha Cliath. Is é an chiall a bhain an tIrish Independent as an scéal gurbh é an Lorcánach an bithiúnach, ach ar ndóigh, ba le hÓ Murchadha na nuachtáin seo.[3]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2015-07-11. Dáta rochtana: 2012-01-27.
- ↑ Desmond, Barry (2009). "No Workers' Republic": 19. Watchword.
- ↑ Maume, Patrick: The Irish Independent and Empire, 1891-1919, Simon Potter (ed.) Newspapers and Empire in Ireland and Britain: Reporting the British Empire c.1857-1921 (Dublin, Four Courts Press, 2004) leathnaigh 124–42.
Léigh freisin
cuir in eagar- Morrissey, Thomas: William Martin Murphy, Life & Times (2011) ISBN 1-906359-62-8