Windeáil

luascadh rithimiúil a dhéantar lámh ar láimh le hamhránaí sean-nóis

Is gníomh de chuid na hamhránaíochta dúchais Gaeilge an sean-nós í an windeáiltochras/tochrais. Tógann duine nach bhfuil i mbun amhránaíochta lámh nó uillinn an amhránaí agus déanann siad luascadh rithimiúil timpeall agus iad lámh ar láimh leis an amhránaí. Is féidir go dtiocfaidh an windeáil le rithim an amhráin nó na hamhránaíochta.

Dar le Joe Éinniú go mbaineann sé leis an gclog a bheith á thochras nó á windeáil siar. Bíonn lámh an amhránaí á gluaiseacht tuathal (in éadan threo an chloig) sa mhíniú atá aige.[1] Is féidir gur le Conamara is mó a shamhlaítear an focal agus an gníomh, ach bíonn sé i gceantar eile leis.

Is é atá ráite ag Lillis Ó Laoire faoi ná gur [...] comhartha muintearais agus dáimhe idir an t-amhránaí agus an té a bheireann greim láimhe orthu atá i gceist. Ciallaíonn sé nach aon mhagadh atá san iarratas ar amhrán a rá agus gur le neart ceana agus ómóis atáthar á dhéanamh.

Tuairimítear go mbaineann sé le tacaíocht a thabhairt don amhránaí, chomh maith le rithim agus comhluadar a choinneáil leo. Luann roinnt go mb'fhéidir nach seanchleachtas de chuid na nGael gCianda atá sa windeáil ach aithris spraíúil ar oibriú an ghramafóin (foinse de dhíth).

Agallamh le hAntaine Ó Faracháin http://www.beo.ie/alt-ag-tabhairt-gutha-in-athuair-da-muintir.aspx

AÓF: An ndéarfá go bhfuil tú ag síneadh do láimhe siar thar teorainn eile, teorainn an ama b’fhéidir, le bheith ag “windeáil” le hamhránaithe agus le filí ó aimsir eile, aimsir atá thart ar bhealach amháin ach atá fós beo sna hamhráin de réir mar atá siad á ngabháil anois?

PNíU: Gan amhras ar bith. Mhothaigh mé go minic go raibh spiorad na ndaoine a mhúscail mé ag brú isteach orm; ag impí orm a scéal a insint; ag cuidiú liom, ar ndóigh. Bhí siad an-ghar dom. Chráigh cuid acu mé. Thit mé i ngrá le hArt Mac Cumhaigh, tá mé faoi dhraíocht aige - ealaíontóir “teorannach” eile. Creidim go hiomlán i spiorad na marbh. Tá siad fá fhad anála uainn agus iad i gcónaí sásta cuidiú linn ach iarraidh orthu.

Luadh an cleachtas i léirmheas le Seaghan Mac an tSionnaigh ar an scannán Song of Granite Ba é mórbhua an scannáin, dar liom, ná gur tugadh éachtaint mhacánta an-chruinn ar fad ar chomhthéacs na fonnadóireachta sa traidisiún Gaelach, agus is marbh an tsúil nach silfeadh deoir i rith an amhairc shár-réadúil ar Séamus Ó Beaglaoich a bheith i mbun windeáil mhánla a thabhairt do Sheosamh Ó hÉanaí i riocht Mícheál Ó Confhaola agus ‘An Tiarna Randall’ á ghabháil go máistriúil aige.[2]

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Singing (9) — Cartlann Sheosaimh Uí Éanaí". Dáta rochtana: 2022-08-12.
  2. Mac an tSionnaigh, Seaghan (2018). "Saothar Ilteangach é". Comhar (4): 24–26.