Sean-nós (amhránaíocht)
Traidisiún amhránaíochta is ea an sean-nós. Is ar stíl amhránaíochta a thugtar ‘an sean-nós’ go hiondúil – ar fhonnadóireacht na hÉireann trí chéile, idir Ghaeilge agus Bhéarla ach go háirithe ceol a ndéantar ornáidíocht air. Is stíl amhránaíochta é a chloistear go minic i gConamara sna laethanta seo, ach tá traidisiún láidir in áiteanna eile chomh maith. [1]
Amhránaíocht
cuir in eagarIs é Corn Uí Riada an comórtas is airde caighdeain ins an amhránaíocht sean-nós. Bíonn ar na hiomaitheoirí amhrán mall amháin a chasadh agus amhrán sciopaidh freisin.
Stair
cuir in eagarIs téarma é ‘sean-nós’ a tháinig chun cinn le linn athbheochaint na Gaeilge le bunadh Oireachtas na Gaeilge, nuair a cuireadh tús le comórtais amhránaíochta mar chuid den fhéile[2]. Bhí lucht an Oireachtais ag iarraidh idirdhealú a dhéanamh idir an amhránaíocht dhúchasach (an ‘sean-nós’) agus an cineál amhránaíocht a gcloisfí thart timpeall ar an bpianó i seomraí suite na meán-aicme (an ‘nós nua,’ cheapfá) ag an tráth sin.[3]
Conspóid
cuir in eagarAinm
cuir in eagarInniu tá an téarma ‘sean-nós’ á úsáid go forleathan, ach ní léir go bhfuil mórán ar bith céille leis.
Is é tuairim amhránaithe áirithe nár cheart an téarma ‘sean-nós’ a úsáid ar chor ar bith.[4]
Oideolaíocht
cuir in eagarIs ealaín ar leith í amhránaíocht sean-nós. Mar sin, ceapann daoine áirithe nach féidir ealaín a mhíniú don té nach bhfuil sí aige nó aici, ach níor chuir sin stop le ranganna áirithe.[5]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Mar shampla, tá clú ar Eoiní Mhaidhcí Ó Suilleabháin mar amhránaí ar an “sean-nós”. Rinneadh roinnt clár faoi (ar TG4 agus ar Raidió na Gaeltachta) agus é ag casadh amhráin i stíl na Mumhan. Féach anseo, mar shampla clár TG4 ó 2011) ]]
- ↑ An Amhránaíocht Dhúchasach in Iarthar na hÉireann, Cartlanna Joe Éinniú[nasc briste go buan]
- ↑ "Máire Ní Choilm ag cur síos ar amhránaíocht ar an sean-nós.". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-06-06. Dáta rochtana: 2012-01-14.
- ↑ Mar shampla, Sorcha Ní Ghuairim. Cuireadh siompóisiam i láthair ag an tOireachtas 1943 ina ndearnadh plé ar an gceist seo; féach Róisín Nic Dhonncha, ‘An tOireachtas agus an Amhránaíocht ar an Sean-Nós: Cruthú agus Sealbhú Traidisiúin,’ i Ruairí Ó hUiginn agus Liam Mac Cóil (eag.), Bliainiris 2004, 57-71.
- ↑ Mar shampla Scoil Cheoil an Earraigh
Naisc
cuir in eagar- Ceol traidisiúnta na hÉireann
- Canúintí Ceoil, sraith TG4
- Ceol na nOileán, sraith TG4
- Amhráin is Ansa Liom, sraith TG4 ina dtugann máistrí sean-nóis an lae inniu cur síos ar na hamhráin is fearr leo, ar an stíl cheoil a fuaireadar le hoidhreacht agus ar na cúiseanna gur fearr leo amhráin áirithe seachas a chéile.
Naisc Sheachtracha
cuir in eagar- An Amhránaíocht Dhúchasach in Iarthar na hÉireann[nasc briste go buan]. Cartlanna Joe Éinniú, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
- Sean Nós Beo (amhráin Ghaeilge traidisiúnta ó Ghaeltacht na nDéise)