Wonder Woman (scannán 2017)
Is scannán sárlaochra Meiriceánach é Wonder Woman atá bunaithe ar charachtar Comics DC - leis an ainm céanna, agus é á dháileadh ag Warner Bros. Is é sin an ceathrú tráthchuid i Cruinne Leathnaithe DC. Tá an scannán stiúrtha ag Patty Jenkins, is le Allan Heinberg an script scannáin agus bhí an scéal scríofa ag Heinberg, Zack Snyder, agus Jason Fuchs. Tá Gal Gadot ann mar phríomhcharachtar an scannáin, agus ina teannta tá Chris Pine, Robin Wright, Danny Huston, David Thewlis, Connie Nielsen, agus Elena Anaya i róil thacaíochta. Is é Wonder Woman an dara scannán beo-aicsin a bhfuil an carachtar le feiceáil ann, tar éis di teacht ar an scáileán mór in 2016 sa scannán Batman v Superman: Dawn of Justice. Is í Jenkins an chéad stiúrthóir baineann a bhí i gceannas ar scannán sárlaochra den saghas seo ariamh.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "How 'Wonder Woman' lassoed the first female director of a studio superhero movie". The Mercury News (Bealtaine 31, 2017).