Xiomara Acevedo

gníomhaí ar son na haeráide

Is gníomhaí athrú aeráide Colómach é Xiomara Acevedo . Mar bhunaitheoir agus ina Príomhfheidhmeannach (POF) ar an eagraíocht neamhrialtasach (ENR) Barranquilla +20, d’áitigh sí go gcuirfí guthanna ban agus daoine óga san áireamh i gceartas aeráide.

Infotaula de personaXiomara Acevedo
Beathaisnéis
BreithBarranquilla Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmgníomhaí timpeallachta Cuir in eagar ar Wikidata

Gairmréim cuir in eagar

Bhunaigh Acevedo Barranquilla +20 sa bhliain 2012, agus ó 2022 ar aghaidh, feidhmíonn sí mar POF.[1] Is eagraíocht neamhrialtasach faoi stiúir an aosa óig í Barranquilla +20 atá dírithe ar ghníomhaíochas aeráide agus timpeallachta i Barranquilla agus ar fud Mheiriceá Laidinigh.[2][3]

Chomhbhunaigh Acevedo an líonra "El Orinoco se adapta" (Gaeilge: Teann Orinoco in oiriúint), a úsáideann cur chuige ar bhonn inscne i dtreo aghaidh a thabhairt ar athrú aeráide agus oiriúnú dó i réigiún nádúrtha Orinoquía, timpeall na bliana 2014.[4][5]

Sa bhliain 2015, d’oibrigh Acevedo don Chiste Domhanda don Dúlra i Paragua .[6]

Ó 2016 go 2019, d’oibrigh Acevedo mar shaineolaí ar athrú aeráide do rialtas Nariño, an Cholóim, ag comhordú beartas um athrú aeráide.[7][8]

In 2021, d’fhreastail Acevedo ar Chomhdháil 2021 na Náisiún Aontaithe ar Athrú Aeráide (CnaP26), mar chuid de Thoghlach na mBan agus na hInscne.[9] Mhol sí an tábhacht a bhaineann le cearta na mban chun ceartas aeráide a bhaint amach.[9]

Stiúrann Acevedo an tionscadal Mná ar son Ceartas Aeráide (tionscadal de chuid Barranquilla +20), tionscnamh 2021 a chuireann béim ar cheannaireacht aeráide na mban óg ó gach cearn den Cholóim..[10][11][12] Sa bhliain 2021, bhronn Fondúireacht Bill & Melinda Gates $50,000 ar Barranquilla +20 don tionscadal.[10] [13][14]

Feidhmíonn Acevedo ar choiste stiúrtha an Líonra Dhomhanda um Bithéagsúlacht don Óige [10][15] agus ar an gCoiste um an gCiste don Aos Óg, den Chiste Domhanda um Ghníomhú ar son na hAeráide don Aos Óg.[16]

Saol pearsanta cuir in eagar

Tagann Acevedo as Barranquilla, an Cholóim.[10][11]

Is céimí de chuid Universidad del Norte, an Cholóim í Acevedo, as ar bhain sí céim sa chaidreamh idirnáisiúnta, le fócas ar an dlí idirnáisiúnta.[13][15] D'fhreastail Acevedo ar Scoil Airgeadais & Bainistíochta Frankfurt, áit a ndearna sí staidéar ar airgeadas aeráide.[10]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Speaker Details.The New York Times Climate Hub
  2. Ambassador Spotlight: March 2021” (en). www.oneyoungworld.com. Dáta rochtana: 2022-04-03.
  3. Proyectos” (es-CO). barranquillamas20.com. Dáta rochtana: 2022-04-04.
  4. [Xiomara Acevedo One Young World.
  5. El Orinoco se Adapta” (en). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2022-04-04.
  6. Acevedo, Xiomara
  7. Acevedo, Xiomara
  8. Xiomara Acevedo Navarro | Green Growth Knowledge Platform”. www.greengrowthknowledge.org. Dáta rochtana: 2022-04-03.
  9. 9.0 9.1 Dazed (2021-11-04). “The young women activists fighting to make COP26 more feminist” (en). Dazed. Dáta rochtana: 2022-04-03.
  10. 10.0 10.1 10.2 10.3 10.4 Speaker Details | The New York Times Climate Hub” (en-US). climatehub.nytimes.com. Dáta rochtana: 2022-04-03."Speaker Details | The New York Times Climate Hub". climatehub.nytimes.com. Retrieved 2022-04-03.
  11. 11.0 11.1 Tiempo (2022-03-06). “Las mujeres que luchan por el cuidado del medio ambiente en el Atlántico” (spanish). El Tiempo. Dáta rochtana: 2022-04-03. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; name ":2" defined multiple times with different content
  12. Espectador (2022-03-26). “Las mujeres jóvenes que buscan la justicia climática en Colombia” (Spanish). ELESPECTADOR.COM. Dáta rochtana: 2022-04-04.
  13. 13.0 13.1 Tiempo (2021-04-12). “Barranquilla +20, única de Latinoamérica escogida por Fundación Gates” (spanish). El Tiempo. Dáta rochtana: 2022-04-04. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; name ":5" defined multiple times with different content
  14. Zaidi (March 29, 2021). “Announcing Gates Foundation Generation Equality Forum Youth Grantees”. LinkedIn. Dáta rochtana: April 3, 2022.
  15. 15.0 15.1 Steering Committee” (en). GYBN. Dáta rochtana: 2022-04-04. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; name ":6" defined multiple times with different content
  16. Xiomara Acevedo – Global Youth Climate Action Fund” (en-US). Dáta rochtana: 2022-04-04.