Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide, 2021 (COP26)


Cuireadh tús leis an 26ú ceann de Chomhdhálacha na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide, 2021 (COP26) ag Cruinniú Mullaigh na gCeannairí Domhanda an 1 Samhain 2021.[1] Ón 31 Deireadh Fómhair go dtí an 12 Samhain, tháinig an 197 bpáirtí i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) le chéile ag COP26 i gcathair Ghlaschú (na measc sin, an tAontas Eorpach agus Éire).[2]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtComhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide, 2021
Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
Map
 55°51′40″N 4°17′17″W / 55.8611°N 4.2881°W / 55.8611; -4.2881
Téacs manaTogether for the planet Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálrecurrent event edition (en) Aistrigh
United Nations Climate Change conference (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse31 Deireadh Fómhair - 13 Samhain 2021
Uimhir eagrán26 Cuir in eagar ar Wikidata
2022 Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhábhartéamh domhanda Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhGlaschú, Scotland
SEC Centre, Scotland (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
EagraíRialtas na Ríochta Aontaithe agus Rialtas na hIodáile Cuir in eagar ar Wikidata
Líon na rannpháirtithe40,000 Cuir in eagar ar Wikidata
Sprioc1.5 degree Celsius climate target (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cúistéamh domhanda Cuir in eagar ar Wikidata
Ba chúis leisGlasgow Climate Pact (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Meán cumarsáide

Suíomh gréasáinukcop26.org Cuir in eagar ar Wikidata
Haischlib#COP26 Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: COP26 Instagram: cop26uk LinkedIn: cop26uk Youtube: UCyiVEaIGxX7Y0KX7e8TZ3YA Cuir in eagar ar Wikidata
Ursula von der Leyen agus Joe Biden
Agóid

Beartaíodh i dtosach í do 2020, ach cuireadh siar í ar feadh bliana mar gheall ar phaindéim COVID-19.

Cúlra cuir in eagar

Bhí breis is 120 ceannaire stáit i láthair ag an ócáid seo atá eagraithe ag na Náisiúín Aontaithe. Ní raibh Uachtarán na Síne, Xi Jinping agus Uachtarán na Rúise,Vladimir Putin ar a gcumas a bheith i láthair go pearsanta.[3]

 
Agóid

Rinneadh athbhreithniú ar an dul chun maidir leis na gealltanais mhóra i gComhaontú Pháras, agus an sprioc chun an téamh domhanda a choinneáil i bhfad faoi bhun 2°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, agus leanúint dá n-iarrachtaí teorainn 1.5°C a chur leis.[1]

Bhí an Barack Obama ina Uachtarán ar Mheiriceá nuair a socraíodh margadh Pháras i 2015. Ag COP26, dúirt sé gur theip ar fhormhór tíortha seasamh le gealltanais a rinne siad i bPáras maidir le srian a chur le hathrú aeráide.[4] Dúirt sé go gcaithfeadh tíortha an domhain níos mó a dhéanamh ar mhaithe le hastaíochtaí a laghdú, agus luaigh sé go speisialta a thír féin agus tíortha an Aontais Eorpaigh ina leith seo.

Spriocanna cuir in eagar

Leagadh amach spriocanna le dul i ngleic le athrú aeráide. Bhí ceithre phríomhchuspóir:[1][5]

  • Astaíochtaí glan-nialasacha domhanda a bhaint amach faoi lár na haoise (roimh an COP26 d’aontaigh ceannairí na dtíortha G20 go leagfaí síos sprioc go mbeifí neodrach ó thaobh carbóin de faoi lár an chéid seo).[6] Den chéad uair riamh (ó thús COP a bhliain 1995), bhí tagairt sa téacs deireadh a chur le húsáid bhreoslaí iontaise de réir a chéile, creid nó ná creid. Ach níor tugadh aon mhionsonraí faoi.[5]
  • An téamh domhanda a choinneáil ag 1.5°céim os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch
  • Gealltanas maidir le $100 billiún a shlógadh in aghaidh na bliana faoi 2025 chun cabhrú le tíortha i mbéal forbartha dul i ngleic le héifeachtaí an athraithe aeráide[7]
  • Bailchríoch a chur ar thacar de rialacha lena ndéantar cur chun feidhme Chomhaontú Pháras a threorú.
 
agóid

Spriocanna in Éirinn cuir in eagar

Laghdú 22-30% ar astúcháin roimh 2031 an sprioc a bhí leagtha amach don earnail talmhaíochta sa Phlean.[8]

 
amharclannaíocht sráide

Beartanna cuir in eagar

Gheall ceannairí domhanda go mbeadh deireadh le dífhoraoisiú faoi 2030. Dúradh freisin go mbeadh athphlandáil iomlán á dhéanamh ar chrainnte faoin mbliain sin.[9] Bhí €16bn geallta ar mhaithe le seo a chur i gcríoch, idir airgead poiblí agus príobháideach.[10] Bhí 100 tír tar éis a dtacaíocht a thabhairt dó seo, ach ní raibh an Rúis ná an tSín nó an India ag tacú leis.

Gheall an Taoiseach go ndúblódh Éire faoi 2025 an t-airgead a chuirtear ar fáil do thíortha tearfhorbartha an domhain chun dul i ngleic leis an athrú aeráide. €225m a bheadh i gceist ansin.[11] Dúirt Micheál Martin go raibh dualgas ar Éirinn agus ar thíortha eile atá go maith as níos mó a dhéanamh chun na fadhbanna a bhain leis an athrú aeráide a réiteach.[12] “Sinne sa domhan forbartha, sinne, bímis macánta faoi, is mó a chuir leis na fadhbanna atá romhainn go léir, tá dualgas orainn tacú leo siúd is mó a bhfuil dúshláin rompu. Glacann Éire leis an dualgas sin.”

Cáin cuir in eagar

Dúirt an t-Iar-Uachtarán Mary Robinson go raibh uaillmhian na dtíortha ag COP26 easnamhach agus dá bhrí sin gur dócha go mairfidh gach duine faoi 60 i ndomhain nach bhfuil chomh ináitrithe agus a bhfuil ócáidí adhaimsire ann, agus gur cinnte go mairfidh daoine faoi 30 sa domhain sin.[13]

Ar 7 Samhain, bhí breis agus scór míle agóidí i gcathair Ghlaschú ag léirsiú i gcoinne na Comhdhála COP26.[8] Bhí Greta Thunberg ina measc, agus bhí sí thar a bheith cáinteach faoin easpa dul chun cinn atá déanta ag an gComhdháil

Féach freisin cuir in eagar

Naisc cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 "Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide (COP26), Cruinniú Mullaigh na gCeannairí Domhanda, Glaschú, an Ríocht Aontaithe, 1 Samhain 2021" (ga). www.consilium.europa.eu. Dáta rochtana: 2021-11-07.
  2. "Tús Áite: COP26" (en). RTE Radio. Dáta rochtana: 2021-11-08.
  3. "Tús le Comhdháil Dhomhanda ar athrú aeráide" (as en) (2021-11-01). 
  4. Nuacht RTÉ (2021-11-08). "'Níor comhlíonadh geallúintí cheana maidir le haeráid'-Obama" (as ga). 
  5. 5.0 5.1 5.2 unfccc.int (2021). "Glasgow Climate Pact". Dáta rochtana: 2021.
  6. "‘Impím oraibh, roghnaígí an cine daonna a shábháil’ – tús curtha le COP26 i nGlaschú" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-11-08.
  7. RTÉ Nuacht (2021-11-08). "Iarrachtaí á ndéanamh i nGlaschú an t-ardú teochta a chosc" (as ga). 
  8. 8.0 8.1 Nuacht RTÉ (2021-11-05). "COP26 cáinte ag Greta Thunberg mar "blah, blah, blah"" (as ga). 
  9. Tuairisc. "Gealltanas tugtha ag ceannairí go gcuirfear deireadh leis an dífhoraoisiú faoi 2030" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-11-08.
  10. Nuacht RTÉ (2021-11-02). "An dara lá de COP 26 i nGlaschú" (as ga). 
  11. Nuacht RTÉ (2021-11-02). "'Tiocfaidh athrú aeráide romhainn mura ngníomhaítear'-Taoiseach" (as ga). 
  12. tuairisc.ie. "‘Tugaimis an duais is fearr don chine daonna – domhan ar féidir linn maireachtáil ann’ – Micheál Martin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-11-08.
  13. Nuacht RTÉ (2021-11-15). "Uaillmhian easnamhach ag COP26 - Mary Robinson" (as ga).