Bhí Yasser Arafat (nó Iasar Arafat) (24 Lúnasa, 1929 - 11 Samhain, 2004) a rugadh faoin ainm Mohammed Abdel-Raouf Arafat al-Qudwa al-Husseini (Araibis: محمد عبد الرؤوف القدوة الحسيني) ina uachtarán ar an Údarás na Palaistíne.

Iasar Arafat
Arafat by Yaakov Saar.jpg
Cathaoirleach ar Eagraíocht Fuascailte na Palaistíne

Feabhra 4, 1969 - Deireadh Fómhair 29, 2004
Yahya Hammuda (en) Aistrigh - Mahmoud Abbas (en) Aistrigh
Uachtarán Údarás Náisiúnta na Palaistíne

Iúil 5, 1994 - Samhain 11, 2004 - Rawhi Fattouh (en) Aistrigh
Saol
Ainm iomlán محمد ياسر عبد الرحمن عبد الرؤوف عرفات
Eolas breithe Amman, Lúnasa 4, 1929
Náisiúntacht Stát na Palaistíne
An Iordáin
Grúpa eitneach Arabaigh
Teanga dhúchais An Araibis
Bás Clamart, Samhain 11, 2004
Áit adhlactha Mukataa (en) Aistrigh
Na cúinsí a bhaineann lena b(h)ás  (Rith fola ceirbreach
autoimmune thrombocytopenic purpura (en) Aistrigh
nimhiú)
Muintir
Céile/Céilí Suha Arafat  (Iúil 17, 1990 -  Samhain 11, 2004)
Siblíní
Teaghlach
Oideachas
Alma mater Cairo University (en) Aistrigh
(1944 - 1950) céim bhaitsiléara : innealtóireacht shibhialta
Teangacha An Araibis
An Béarla
Gairm
Gairm polaiteoir agus innealtóir sibhialta
Duais
Seirbhís mhíleata
Céim ardcheannasaí
Throid sé/sí ag 1948 Arab–Israeli War (en) Aistrigh
Creideamh
Reiligiúin Ioslam
Sunnaíoch
Páirtithe polaitíochta Fatah (en) Aistrigh
IMDb nm0032715
Yasser Arafat signature.svg
ar dheis, in Amman, 1970
Nasser, an rí Faisal agus Yasser Arafat  (ar dheis) 1970
1974

PolaitíochtCuir in Eagar

Bhí Arafat ina bhunaitheoir agus ina cheannaire ar FATA, chomh maith le bheith ina chathaoirleach ar an Eagraíocht Shaoirse na Palaistíne1969 ar aghaidh).

Chomhbhuaigh sé Duais Nobel na Síochána sa bhliain 1994.

Ar an 20 Eanáir 1996,. toghadh Arafat ina uachtarán ar an Údarás Palaistíneach (Palestinian National Authority).

Labhair Paddy Monaghan, Cathaoirleach Irish Christian Friends of Israel, faoi sa bhliain 2012ː.

'rinne Arafat idirbheartaíocht ar Chomhaontú Osló, ach níor chur sé i bhfeidhm é. An aidhm a bhí aige ná bogadh ar ais ón Libia go dtí an Bruach Thiar lena chuid tacadóirí. ... Rinneadh taifead rúnda air agus é ag labhairt i Mosc san Afraic Theas trí mhí tar éis Chomhaontú Osló agus dúirt sé, “ná bí buartha faoin gconradh síochána seo, is ionann é agus traen ag stopadh ag stad. Bainfidh muid amach an sprioc atá againn, chun deireadh a chur le hIosrael. Ardán a bheas anseo chun é sin a dhéanamh”.'[1]

1994ː Yasser Arafat, Shimon Peres, agus Yitzhak Rabinː Bronnadh Duais Nobel na Síochána  orthu as a gcuid saothar i bpróiseas na síochána.
1999

Níl aon taifead ann den saghas sin is cosúil. Ach sé bliain níos déánaí, in 2001, labhair Arafat san Afraic Theas agus tá cuma eile ar a chuid tuairimí ag an am anseo[2][3], mar shampla...

"This brutality and arrogance [of Israel] are moved by a mentality of superiority that practises racism and racial discrimination, that adopts ethnic cleansing."

másailéam inniu i Ramallah

BásCuir in Eagar

Tháinig tinneas dona air i nDeireadh Fómhair 2004.

Fuair sé bás in ospidéal míleata i bPáras na Fraince ar an aonú lá déag de Dheireadh Fómhair 2004 agus cuireadh ina cheanncheathrú é in Ramallah tar éis sochraide i gCaireo na hÉigipte.[4]

Raflaí go leorCuir in Eagar

Is beag duine a chreidfeadh inniu go mbeadh aon bhaint ag bás Yasser Arafat le monarcha i gConamara. Ar ócáid a bháis, bhí tuairisc ag Nuacht TG4 ar na scaireanna a bhí ag Údarás na Palaistíne agus baill de theaghlach Arafat i gcomhlacht as Ceanada a bhí mar phríomhaí ag an am sa chomhlacht Bioniche in Indreabhán, creid nó ná creid.[5]

Tharraing na tosca a bhain lena bhás conspóid chom maith. Nimhíodh é nó chreid daoine áirithe sin ag an am. Ach níl fianaise chomhthacaíoch ann; níor cruthaíodh go raibh na ráflaí fíor, a dúirt eolaithe agus na cúirteanna sa Fhrainc sa bhliain 2015.[6]

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. Gaelscéal (DF 2012). "Tír Naofa, Tír gan Síocháin". Dáta rochtana: 2021.
  2. Clyde Haberman (2001-09-04). "THE RACISM WALKOUT: THE MIDEAST VIEW; Israeli Outrage at Arafat's Speech Makes Talks With Him Even Less Certain" (en-US). The New York Times. Dáta rochtana: 2021-11-11.
  3. "CNN.com - Arafat: Summit must condemn Israel - September 3, 2001". edition.cnn.com. Dáta rochtana: 2021-11-11.
  4. "Mort d'Arafat : les experts français écartent à nouveau la thèse de l'empoisonnement" (fr). Le Monde.fr (2015-03-16). Dáta rochtana: 2021-11-11.
  5. Breandán Delap (2007). "Ar an Taifead: fís, fuaim, focal". Dáta rochtana: Cois Life.
  6. "Mort d'Arafat : les experts français écartent à nouveau la thèse de l'empoisonnement" (fr). Le Monde.fr (2015-03-16). Dáta rochtana: 2021-11-11.