ÁIS

dáileoir leabhar Gaeilge

Bunaíodh Áisíneacht Dáileacháin Leabhar (nó ÁIS) sna 1970idí chun foilseacháin Ghaeilge a dháileadh go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Cuireann Áis seirbhís dáileacháin ar fáil d’fhoilsitheoirí Gaeilge agus cinntíonn soláthar leabhar Gaeilge ar an mhargadh.[1]

Bosca Sonraí EagraíochtaÁIS
Sonraí
Cineáldáileoir leabhar Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Leabhair

Sa bhliain 2020, dáileadh 200,000 leabhar ar níos mó ná 250 siopa leabhar ar fud na tíre agus thar lear.[2]

Le linn 2020, rinne ÁIS luach €1.6 milliún de leabhair Ghaeilge agus leabhair dhátheangacha a dháileadh. San áireamh san fhigiúr sin tá leabhair a bhaineann le gach seánra, idir leabhair do pháistí, théacsanna acadúla agus neart leabhar filíochta.[3]

Sa bhliain 2022, dúirt foilsitheoirí go raibh an cur chuige ó thaobh na teicneolaíochta atá ag ÁIS “go hiomlán as dáta” agus nach leor ar chor ar bith ionadaí díolacháin amháin a bheith “ar an mbóthar” ag an áisíneacht le freastal ar an tír ar fad.[4]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Léitheoireacht & Foilsitheoireacht" (ga-IE). Foras Na Gaeilge. Dáta rochtana: 2022-04-28.
  2. NÓS. "70+ leabhar Gaeilge foilsithe in 2020" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2022-04-28.
  3. tuairisc.ie (29 Aibreán 2021). "LÁ ÉIGSE ÉIREANN 2021: Cérbh iad na 10 leabhar filíochta is mó díol ó Áis le 10 mbliana anuas?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-04-28.
  4. "Córas dáileacháin na leabhar Gaeilge ‘go hiomlán as dáta’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-06-04.