Aodh Rón mac Cathail

rí Uí Fhailí
(Athsheolta ó Áed Rón mac Cathail)

Rí Uí Fhailí ba ea Aodh Rón mac Cathail (Sean-Ghaeilge Áed Rón mac Cathail) (bás 604). Bruidge mac Nath Í (bás 579), iar-rí, ba ea a sheanathair.[1]

Infotaula de personaAodh Rón mac Cathail
Beathaisnéis
Bás604 (Féilire Ghréagóra)
Teaghlach
PáisteAilill mac Aodha Róin Cuir in eagar ar Wikidata

Feictear Aodh sa ríliosta sa Leabhar Laighneach ach faoin ainm Aed Róin mac Falge Ruit (tugtar réimeas deich mbliana do sa liosta). Luaitear é i ndán maidir leis an ndún ríoga ag Ráth Iomgháin.[2][3] Deirtear sa dán is go raibh a athair, Cathal mac Bruí, fosta ina rí, acu ní fheictear é nó sna hannála nó sna ginealaigh.

Rinne Aodh comhaontas le Síol Aodha Sláine in éadan Chlann Cholmáin san aighneas i measc Uí Néill an Deiscirt. Maraíodh é mar thoradh sa bhliain 604, ar an lá céanna a maraíodh Aodh Sláine, agus tháinig Conall Guthbhinn (bás 635), rí Uisnigh, chun cinn.[4][5][6][7][8][9]

Rinneadh rí Uí Fhailí dá mhac, Ailill. De shliocht a dhearthár, Maol Umha, a bhí an chuid is mó de ríthe eile, áfach.

Foinsí cuir in eagar

  • Annála Uladh, iml. 1
  • Leabhar Laighneach, at Rig hua Falge
  • Donnchadh Ó Corráin, Rawlinson B 502, Ginealaigh
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Ó Cróinín, Dáibhí (2005), A New History of Ireland, imleabhar One, Oxford: Oxford University Press

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Rawlinson Genealogies, lch. 58
  2. Byrne, lch. 153-154
  3. Ó Cróinín, lch. 192
  4. Annála Uladh, AU 604.3
  5. Annála Tiarnaigh, AT 602.3
  6. Annála na gCeithre Máistrí, ACM 600.5
  7. Byrne, lch. 154
  8. Ó Cróinín, lch. 193
  9. Mac Niocaill, lch. 93