Éamonn Ó Dálaigh
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Ba cheannasaí an Chéad Cathlán, de Dhrong Bhaile Átha Cliath, Óglaigh na hÉireann é Éamonn Ó Dálaigh (28 Feabhra, 1891 – 4 Bealtaine, 1916) le linn Éirí Amach na Cásca. Ba an ceannfort ab óige san éirí amach é.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 25 Feabhra 1891 Luimneach |
Bás | 4 Bealtaine 1916 25 bliana d'aois Príosún Chill Mhaighneann |
Siocair bháis | Tráma balaistíoch |
Áit adhlactha | Reilig Mhíleata Chnoc an Arbhair |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Scoil na mBráithre Críostaí, Sráid Sexton |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir |
Ball de | |
Gairm mhíleata | |
Géillsine | Óglaigh na hÉireann |
Coinbhleacht | Éirí Amach na Cásca |
Rugadh i gCathair Luimnigh é agus ba dheartháir óg é Chaitlín Ní Dhálaigh, bean Thomáis Uí Chléirigh, duine dos na taoisigh a d'eagraigh an t-Éirí Amach agus a shínigh Forógra na Poblachta.
Ba bhall de Bhráithreachas na Poblachta (IRB) é. B’uncail dó an sean-Fhiníneach Seán Ó Dálaigh a ghlac páirt in éirí amach na bhFíníní sa bhliain 1867.
Ghlac cathlán Uí Dhálaigh seilbh ar na hArdchúirteanna agus ar láthair eile ar an dtaobh iarthuaisceart Bhaile Átha Cliath.
Ghéill an cathlán tar éis ceithre lá, ar an 29ú lá d’Aibreán. Ba é tuairim a chathlán agus oifigigh Shasanacha a throid ina choinne araon gurbh ceannaire míleata den scoth é An Dálach.
I ndiaidh triail rúnda míleata, lámhaigh Arm na Breataine é ar an 4ú Bealtaine. Ní raibh sé ach 25 bliain d’aois ag an am.
Tagairtí
cuir in eagarIs síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |