Is éard atá i gceist le éiceamharú[1] ná “gníomhartha (mídhleathacha) nó ainsrianta a dhéantar agus fios ag an ghníomhaí go bhfuil dóchúlacht mhór ann go ndéanfaidh na gníomhartha sin dochar forleathan nó fadtéarmach don chomhshaol.”[2] Tá gach cineál dochair san áireamh ann: an truailliú aeir de bharr breoslaí iontaise, an truailliú uisce de bharr plaistigh agus an iliomad ceimiceán, an dífhoraoisiú, an iomarca dramhaíola, an caillteanas gnáthóige agus tuilleadh eile nach iad.

Muir Aral : ag dul i ndísc

Tá an sainmhíniú thuas ar ‘éiceamharú’ le fáil san aighneacht oifigiúil na dtrí náisiún ón Aigéan Ciúin, Vanuatú, Fidsí agus Samó, nuair a d’iarr siad ar an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta éiceamharú a chur le liosta na gcoireanna a chlúdaíonn an institiúid idir-rialtasach.[2]

Is é is sprioc leis an mholadh go mbeifí in ann an dlí a chur ar aon duine, ar aon eagras nó ar aon rialtas as damáiste a dhéanfadh siad go feasach don éiceolaíocht.

Chiallódh sé sin go ndéanfadh an CCI coireanna éiceamharaithe a fhiosrú agus go dtabharfaí breithiúnas ina leith, díreach mar a dhéantar faoi láthair i gcás an chinedhíothaithe agus coireanna cogaidh.[2]

Bithéagsúlacht

cuir in eagar

Is bagairt eisiach dhomhanda ar an gcine daonna í cailliúint leanúnach na bithéagsúlachta.[3]

Príomhalt: Bithéagsúlacht

Imeachtaí

cuir in eagar

Sa bhliain 2024, chuaigh Comhdháil na Náisiún Aontaithe um Bhithéagsúlacht, COP 16, chun siobarnaí. Níor síníodh aon chomhaontú suntasach[4] ach rinneadh iarracht cuma dhearfach a chur air in áiteanna.[5] Ní raibh aon suim ag na meáin Ghaeilge san imeacht seo, agus is beag tuairisciú a rinneadh air in Éirinn

Féach freisin    

cuir in eagar
  1. i mBéarla, ecocide
  2. 2.0 2.1 2.2 NÓS (2024-10-29). "Éiceamharú: cad atá ann agus an ndéanfar dlí de?" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2024-11-09.
  3. consilium.europa.eu (2024). "Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an mBithéagsúlacht: an tríú cuid den phláinéad a chosaint faoi 2030". Dáta rochtana: 2024.
  4. "COP16 biodiversity ends without agreement on funding roadmap to rescue nature" (en) (2024-11-02). Dáta rochtana: 2024-11-11.
  5. Dearbhú (2024-11-04). "Biodiversity COP 16: Important Agreement Reached Towards Goal of “Making Peace with Nature”" (en-US). United Nations Sustainable Development. Dáta rochtana: 2024-11-11.