Is éard is Éirí amach na Túinéise (2010-2011), ar a dtugtar "an Réabhlóid seasmaine", ná sraith eachtraí ceannairceacha sa Túinéis ó mhí na Nollag 2010 agus sna blianta ina dhiaidh sin.[1][2][3]

Léirsió ag tacú leis an éirí amach sa Túinéis i Nantes, an Fhrainc, an 15 Eanáir, 2011.

Bhí réimeas na Túinéise géar orthu súid a bhí ag éileamh roinnt an rachmais agus daonlathais.

2011

Thosaigh na himeachtaí ar ar an 17 Nollaig 2010, nuair a chuir Mahamad Bouazizi é féin trí thine, mar agóid éadóchasach in aghaidh na drochíde agus an uiríslithe a d’fhulaing sé ó na húdaráis áitiúla.

agóid sa bhliain 2012 i dTúinis

Bhí an tUachtarán Ben Ali[4] i gceannas ar an Túinéis ó 1987 ar aghaidh. Bhí an pobal faoi leatrom agus míshásta ar fad. Theith Ben Ali an tír sa bhliain 2011.

Earrach na nArabachː Caireo, Túinis, San'a agus an tSiria

Iarmhairtí cuir in eagar

Nuair a chur Mohamed Bouazizi, trí ghníomh deiridh féiníobartha, tús le hEarrach na nArabach ba ghníomh é sin a bheadh tionchar as cuimse aige, ní amháin ar an Túinéis ach ar an domhan Arabach níos leithne.[5]

Ba é Éirí amach na Túinéise ar an 4 Eanáir 2011, an splanc a ghin ‘tEarrach’ mórthimpeall an domhain Arabaigh. Ar an agóid bheag neamh-mharthanach sa tsean-Seicslóváic in 1968 is dócha a bhí fo-eagarthóir sinsearach éigin i Londain ag smaoineamh, tráth éigin tamall de mhíonna tar éis tús na bparáidí is na léirsithe sa Túinéis agus san Éigipt, nuair a cheap sé an téarma “Arab Spring”.

Féach freisin cuir in eagar





Tagairtí cuir in eagar

  1. Ruairí Henchy (2016). "Cúig bliana i ndiaidh ‘Earrach na nArabach’ an bhfuil deireadh ag teacht le geimhreadh an uafáis sa tSiria?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-12-19.
  2. Frank Reidy (2015). "Ag teitheadh ón uafás < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2020-12-19.
  3. MICHEAL O. hUANACHAIN (2012). "Fómhar Ioslam" (ga). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-12-19.
  4. nó "Zine El Abidine Ben Ali" (2020-12-17). "Zine El Abidine Ben Ali" (as en). Wikipedia. 
  5. Tánaiste Eamon Gilmore, Óráid, An Meánoirthear agus An Afraic Thuaidh (2013). "Éire, an Eoraip agus an Meánoirthear - Department of Foreign Affairs" (ga). www.dfa.ie. Dáta rochtana: 2020-12-19.