Mahamad Bouazizi
Céimí ollscoile Túinéiseach ab ea Mahamad Bouazizi (29 Márta 1984 – 4 Eanáir 2011; Araibis: محمد البوعزيزي). Chuir sé é féin trí thine ar an 17 Nollaig 2010 - féinloisceadh - mar agóid éadóchasach in aghaidh na drochíde agus an uiríslithe a d’fhulaing sé ó na húdaráis áitiúla.[1]
Mahamad Bouazizi | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Ainm iomlán | Tarek el-Tayeb Mohamed Bouazizi |
Eolas breithe | Sidi Bouzid, 29 Márta 1984 |
Náisiúntacht | An Túinéis |
Bás | Ben Arous (en) ![]() |
Cúis bháis | féinmharú |
Gairm | |
Gairm | Hácaeir |
Duaiseanna | |
Cleamhnú | |
Reiligiúin | An tIoslam |
IMDb | nm4820209 |
ImeachtaíCuir in Eagar
Ní raibh Bouazizi in ann a bheith ag obair mar dhíoltóir torthaí agus glasra i mbaile Sidi Bouzid i lár na Túinéise.[2] Diúltaóidh ceadúnas margaidh do Bouazizi ar chúis fhánach éigin agus chuir sé lámh ina bhás féin le dó.[3]
Fuair Bouazizi bás léanmhar trí seachtaine níos déanaí ar an 4 Eanáir 2011.
Bhí réimeas na Túinéise géar orthu súid a bhí ag éileamh roinnt an rachmais agus daonlathais. Chuir féinloisceadh Bouazizi tús leis na h-agóidí a tharla sna blianta 2010-2011 sa Túinéis, i dtús i gcoinne na gcoinníollacha eacnamaíocha agus bhrúidiúlacht na bpóilíní.
Bhí athruithe tromchúiseacha bainte amach ag féinloisceadh Bouazizi i 20 tír ar a laghad.[4] Ba é a fhéinloisceadh an splanc a ghin ‘'Earrach na nArabach’ mórthimpeall an domhain Arabaigh.
Féach freisinCuir in Eagar
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ Ruairí Henchy (2016). "Cúig bliana i ndiaidh ‘Earrach na nArabach’ an bhfuil deireadh ag teacht le geimhreadh an uafáis sa tSiria?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-12-19.
- ↑ BBC News - Tunisia suicide protester Mohammed Bouazizi dies
- ↑ Frank Reidy (2015). "Ag teitheadh ón uafás < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2020-12-19.
- ↑ MICHEAL O. hUANACHAIN (2012). "Fómhar Ioslam" (ga). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-12-19.